Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 22:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 ċum go n‐íosfaiḋ agus go n‐ólfaiḋ siḃ ar mo ḃórd‐sa im’ ríoġaċt; agus go mbéiḋ siḃ ’n‐ḃúr suiḋe ar riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israel.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Go n-iṫiḋ agus go n-ólaiḋ siḃ ag mo ṫábla i mo ríoġaċt, agus go suiḋiḋ siḃ ar ċaṫaoireaċa ríoġḋa ag taḃairt ḃreiṫeaṁnais ar ḋá-ṫreiḃ ḋéag Israéil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Siḃ a ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól as mo ḃórd, am’ ríġeaċt, agus i nḃúr suiḋe ar ċaṫaoireaċaiḃ ríoga ag taḃairt breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israéil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Ionnus go níosdáoi agus go níoḃṫáoi ar mó ḃórdsa ann mo rioġaċd féin, agus go suiġfí ar ċaiṫíreaċaiḃ ag breiṫ ḃreiṫe ar ḋá ṫreiḃ ḋéug Isráel.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 22:30
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, nuair ṡuiḋfeas Mac an Duine i gcaṫaoir a ġlóire, san aiṫ‐ġeineaṁain, siḃ‐se do lean mé, suiḋfiḋ siḃ ar ḋá ċaṫaoir déag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israel.


Is aoiḃinn d’á ḃfuil boċt ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoġaċt na ḃflaiṫeas.


Agus adeirim liḃ go dtiocfaiḋ a lán daoine ó’n doṁan ṫoir agus ó’n doṁan ṫiar, agus go suiḋfiḋ siad i ḃfoċair Abraċaim, agus Íosóig,


Is aoiḃinn do na seirḃíseaċaiḃ sin go ḃfaiġiḋ a dtiġearna iad ag áirdeall nuair ṫiocfas sé: go fírinneaċ adeirim liḃ go gcuirfiḋ sé a ċrios air féin, agus go gcuirfiḋ sé ’n‐a suiḋe ċum biḋ iad, agus go dtiocfaiḋ sé ag déanaṁ freastail orṫa.


Agus nuair do‐ċuala duine d’á raiḃ ’n‐a suiḋe ċum biḋ an méid sin, aduḃairt sé leis, Naċ aoiḃinn do’n té íosfas arán i ríoġaċt Dé.


má ṡeasaimíd go dian, riaġlóċaimíd i n‐éinḟeaċt leis: má ṡéanaimíd é, séanfaiḋ seisean sinne, leis:


Séamas, seirḃíseaċ Dé agus an Tiġearna Íosa Críost, ċum an dá ṫreiḃ ḋéag atá ar deoraiḋeaċt, beaṫa agus sláinte.


Agus aduḃairt sé liom, Scríoḃ, Is beannuiġṫe na daoine fuair cuireaḋ ċum suipéir bainse an Uain. Agus aduḃairt sé liom, Briaṫra fírinneaċa Dé is eaḋ iad so.


An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad de ċead dó suiḋe síos i n‐éinḟeaċt liom im’ riġ‐ċaṫaoir, fá mar rugas féin buaiḋ, agus do ṡuiḋeas síos i n‐éinḟeaċt lem’ Aṫair ’n‐a riġ‐ċaṫaoir‐sean.


Agus do ḃí ceiṫre riġ‐ċaṫaoireaċa agus fiċe, agus ceaṫrar agus fiċe seanóir ’n‐a suiḋe ins na riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ, éadaiġe geala umpa,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ