Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 20:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus do ṫosnuiġ sé ar an tsaṁlaoid seo do laḃairt leis na daoiniḃ: Do ċuir duine fíonġort, agus ṫug sé ar cíos do scológaiḃ é, agus d’imṫiġ sé go tír eile go ceann i ḃfad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Agus ṫoisiġ sé a ráḋ an ḟáiṫscéil seo leis an ṗobal: Ċuir duine fíonġort, agus ṡuiḋ sé le feirmeoirí é, agus ċuaiḋ sé féin ar an ċoigċríċ ar feaḋ i ḃfad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus ċrom sé ar an soluíd seo do laḃairt leis na daoine: Do ḋein duine fíonġort agus ċuir sé é ċun luċt saoṫruiġṫe, agus ḃí sé féin i ndúṫaiġ iasaċta ar feaḋ aḃfad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus do ṫionnsgain sé an ċosaṁlaċdsa do ráḋ ris an bpobal; Do ċuir duine áiriġe fíneaṁuin, agus tug sé amaċ do sgológuiḃ í, agus do ḃi sé féin a gcoigcríċ air feaḋ aimsire faide.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 20:9
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir is aṁlaiḋ atá, mar do ḃéaḋ duine, do ġlaoḋ ċuige a searḃóntaí, ag imṫeaċt ar aistear dó, agus ṫug a ṁaoin dóiḃ.


Aduḃairt sé d’á ḃriġ sin, D’imṫiġ duine uasal áiriṫe go tír i gcéin, ċum ríoġaċt do ġaḃáil dó féin, agus filleaḋ ar ais.


Agus sa tséasúr do ċuir sé searḃónta ċum na scológ, go dtiuḃraidís cuid de ṫoraḋ an ḟíonġuirt dó: aċt do ġaḃadar air, agus do ċuireadar uaṫa folaṁ é.


Agus aduḃairt Íosa leo, Ní mó inneosad‐sa ḋaoiḃ‐se cia an t‐uġdarás atá agam ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ