Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 18:39 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Agus do ḃagair siad‐san do ḃí ar tosaċ air ḃeiṫ ’n‐a ṫost: aċt ba ṁóide do ġlaoḋ sé, A ṁic Ḋáiḃi, déan trócaire orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

39 Agus na daoine a ċuaiḋ i dtoiseaċ, ḃagair siad air a ḃeiṫ ina ṫost. Aċt is aṁlaiḋ is mó a scairt seisean: A Ṁic Ḋáiḃiḋ, déan trócaire orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus na daoine a ḃí ag gaḃáil ṫairis ḃíodar ag bagairt air éisteaċt, aċ is aṁlaiḋ do liúiġ sé níba ṁó, A Ṁic Dáiḃid, déin trócaire orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

39 Agus an dream do ḃí roiṁe do imḋeargadar é, ionnus go mbíaḋ se na ṫoċd: aċd is moide do éiġṁeaḋ seision sin, A ṁic Dáiḃi, déana trócaire oram.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 18:39
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Iarraiḋ, agus do‐ḃéarfar daoiḃ: loirgiḋ, agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ; cnagaiḋ, agus fosclóċar daoiḃ.


Agus aduḃairt seisean leo, cad ċuige a ḃfuil eagla oraiḃ, a luċt an ċreidiṁ ḃig? Annsin d’éiriġ sé, agus do ḃagair sé ar na gaoṫaiḃ agus ar an ḃfairrge; agus do ḃí ciúnas mór ann.


Agus ag imṫeaċt d’Íosa as an áit sin, do lean beirt dall é ag éiġiṁ, agus g‐á ráḋ, Déan trócaire orainne, a ṁic Ḋáiḃi.


Is mairg daoiḃ, a luċt na dliġe! óir do ṫógaḃar liḃ eoċair an eolais: ní ḋeaċaḃar féin isteaċ, agus do ċoisceaḃar iad‐san do ḃí ag dul isteaċ.


Agus do laḃair sé leo as saṁlaoid, g‐á ċur i dtuigsin dóiḃ go mba ċeart dóiḃ ḃeiṫ ag guiḋe i gcóṁnaiḋe, agus gan staonaḋ;


Agus ṫug daoine a naoiḋeana ċuige go gcuirfeaḋ sé a láṁa orṫa: aċt nuair do ċonnaic na deisceabail é, do ċuireadar cosc leo.


Agus do liúiġ sé, g‐á ráḋ, A Íosa, a Ṁic Ḋáiḃi, déan trócaire orm.


Agus do stad Íosa, agus d’órduiġ sé a ṫaḃairt ċuige: agus nuair ṫáinig sé i ngar dó, d’ḟiafruiġ sé ḋe,


Agus do ḃí roinnt de na Fairisíneaċaiḃ aduḃairt leis as lár an tsluaiġ, A Ṁáiġistir, bagair ar do ḋeisceablaiḃ.


Le linn cainnte ḋó, ṫáinig duine de ṫeaġlaċ uaċtaráin na sionagóige, g‐á ráḋ, Atá t’inġean tar éis báis; ná cuir a ṫuilleaḋ buaiḋearṫa ar an Máiġistir.


D’impiḋeas ar an Tiġearna ’n‐a ṫaoḃ sin trí h‐uaire go dtógfaiḋe uaim é,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ