Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 15:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus aduḃairt seisean leis, Ṫáinig do ḋearḃráṫair; agus do ṁarḃ t’aṫair an laoġ biaḋta, toisc go ḃfuair sé slán beo arís é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 Agus duḃairt seisean leis: Ṫáinic do ḋearḃráṫair, agus ṁarḃ d’aṫair an gaṁain reaṁar, de ḃríġ go ḃfuair sé ṫar ais slán é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus duḃairt seisean, Ṫáinig do ḋriṫáir, agus do ṁairḃ t’aṫair an gaṁain raṁar toisg é ṫeaċt slán ċuige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Agus a duḃairt seision ris, Do ḋearḃráṫairsi ṫánic: agus do ṁarḃ haṫair anláoġ bíaḋta, ar son go ḃfuair sé slán a ris é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 15:27
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Arís do ċuir sé uaiḋ searḃóntaí eile, g‐á ráḋ, Innisiḋ ḋóiḃ‐sean a fuair cuireaḋ, Féaċ, atá m’ḟéasta ullaṁ agam: atá mo ṁairt agus m’ainṁiḋṫe biaḋta marḃṫa agam, agus atá gaċ aon niḋ i gcóir: tigiḋ ċum na bainse.


Agus do ġlaoḋ sé ċuige duine de na seirḃíseaċaiḃ, agus d’ḟiafruiġ sé ḋe créad do ḃí ar siuḃal.


Aċt ṫáinig fearg air, agus ní raċaḋ sé isteaċ: agus ṫáinig a aṫair amaċ agus do ċuir sé impiḋe air.


aċt an mac so leat, go ḃfuil do ċuid ídiġṫe aige le méirdreaċaiḃ, nuair ṫáinig seisean, do ṁarḃais dó‐san an laoġ biaḋta.


ṫáinig sé ċugam, agus, ’n‐a ṡeasaṁ ḋó lem’ ais, aduḃairt sé liom, A Ṡaul, a ḃráṫair, bíoḋ do raḋarc agat. Agus an uair ċéadna do ḋearcas air.


Agus d’imṫiġ Ananias, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tiġ; agus do ċuir sé a láṁa air agus aduḃairt, A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa do ṫaisbeán é féin duit san tsliġe agus tú ag teaċt, do ċuir sé mise ċugat, ċum go ḃfaiġṫeá do raḋarc aṫuair, agus go líonfaiḋe ṫú de’n Spiorad Naoṁ.


ní mar ṡeirḃíseaċ feasta, aċt mar ḋuine is mó ’ná seirḃíseaċ, mar ḃráṫair ionṁain, ionṁain liom‐sa, go mórṁór, aċt gur mó is annsa leat‐sa é san ḃfeoil agus san Tiġearna.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ