Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 12:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ, agus taḃraiḋ déirc; déanaiḋ ḋaoiḃ féin sparáin naċ gcaiṫfear le h‐aois, stór ins na flaiṫeasaiḃ naċ n‐ídeoċar, san áit naċ ndruideann gadaiḋe i n‐aice leis, agus naċ milleann an leaṁan ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 Díolaigiḋ a ḃfuil agaiḃ, agus taḃairigiḋ déirc uaiḃ; déanaigiḋ díḃ féin sparáin naċ gcaiṫeann, stór naċ laġduiġeann ins na flaiṫis, áit naċ dtig gadaiḋe ina gaoḃar, agus naċ milleann léaḋmán.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ agus tugaiḋ déirc uaiḃ; deiniḋ daoiḃ féin sparáin ná críonfaiḋ, stór ins na flaṫais ná caillfiḋ oraiḃ; ná guidfiḋ biṫeaṁnaċ uaiḃ; ná millfiḋ leóṁan oraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Réacaiḋ a ḃfuil aguiḃ, agus taḃruiḋ déirc úaiḃ; déanuiḋ sparáin ḋiḃ féin naċ raċta a narsaiḋeaċd, cisde ar naċ raċa caiṫeaṁ ar neaṁ, a náiṫ naċ dtig gaduiḋe a ngar ḋó, agus naċ dtruáilliġeann an míol críon.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 12:33
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aduḃairt Íosa leis, Má’s maiṫ leat ḃeiṫ gan loċt, imṫiġ, díol a ḃfuil agat, agus taḃair a luaċ do na boċtaiḃ, agus béiḋ maoin ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.


Aċt, i dtaoḃ a ḃfuil istiġ, taḃraiḋ déirc uaiḃ; agus féaċ, sin é gaċ uile niḋ glan daoiḃ.


Mar sin do’n té ċruinniġeas stór dó féin, agus naċ ḃfuil saiḋḃreas i nDia aige.


Agus adeirim liḃ, Déanaiḋ cáirde ḋaoiḃ féin le saiḋḃreas na mí‐ċneastaċta; i dtreo, nuair ḃéas easbaiḋ oraiḃ, go nglacfaidís isteaċ ins na puibliḃ síorraiḋe siḃ.


Agus nuair do‐ċuala Íosa é sin, aduḃairt sé leis, Atá aon niḋ aṁáin i n‐easnaṁ ort fós: díol a ḃfuil agat, agus taḃair do na boċtaiḃ é, agus béiḋ ionnṁas ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.


Ní h‐é go raiḃ spéis aige ins na boċtaiḃ go nduḃairt sé sin; aċt gur ġadaiḋe é, agus gurḃ é do ḃí i mbun bosca an airgid, agus go mbíoḋ sé ag goid a gcuirtiḋe ann.


agus do ḋíolaidís a sealḃaċas agus a maoin, agus do roinnidís ar ċáċ iad, de réir a riaċtanais.


cionnas mar ṁéaduiġ fairsinge a ḃféile de ḃárr líonṁaireaċta a n‐áṫais agus a mboċtaine móire, agus iad fá ḃuaiḋreaṁ an‐ṁór.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ