Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus do ḃíodar, beirt, fíréanta i ḃfiaḋnaise Dé, ag siuḃal gan loċt de réir gaċ aiṫne agus reaċta an Tiġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Agus ḃí siad araon cóir i láṫair Dé, ag siuḃal gan ċáim do réir aiṫeanta agus deasġnáṫa an Tiġearna go h-iomlán.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus ḃí an ḃeirt fíoraonta i láṫair Dé ag siuḃal i n-aiṫeantaiḃ agus i ndlistineasaiḃ an Tiġearna, go h-iomlán, gan ċáim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do ḃádar a ráon na ndáoiniḃ fíreanta a ḃfíaḋnuisi Dé, ag sioḃal go neiṁċiontaċ ann uile aiṫeantuiḃ agus órduiġṫiḃ an Tiġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:6
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ní raiḃ aon ċlann aca, óir do ḃí Elisabet aimrid, agus do ḃíodar beirt aosta go mór.


Agus aduḃairt sé leo, Is siḃ‐se an dream ṁaoiḋeas as ḃúr ḃfíréantaċt féin i ḃfiaḋnaise na ndaoine; aċt is eol do Ḋia ḃúr gcroiḋeaċa istiġ: óir an niḋ atá fá árd‐ṁeas i measc daoine, is gráin le Dia é.


Agus féaċ, do ḃí i nIarúsalem fear darḃ ainm Simeon; agus do ḃí an fear so fíréanta, diaḋa, agus é ag súil le sólás Israel: agus do ḃí an Spiorad Naoṁ air.


Óir is é adeir Dáiḃi ’n‐a ṫaoḃ, Do ċonnacas an Tiġearna i gcóṁnaiḋe ar m’ḟiaḋnaise róṁam; Óir atá sé ar mo ḋeis, ċum naċ gcorróċaiḋe mé:


Annsin, d’ḟéaċ Pól go grinn ar an árd‐ċóṁairle, agus aduḃairt sé, A ḃráiṫreaċa, do ċaiṫeas mo ṡaoġal i ḃfiaḋnaise Dé le deaġ‐ċoinsias glan go dtí an lá so.


Ċuige seo is eaḋ atáim ag déanaṁ mo ḋíċill, le coinsias glan gan smál do ċoiṁéad i gcóṁnaiḋe i dtaoḃ Dé agus daoine.


Ní ḟuil baint ná páirt agat leis an ngnó so: óir ní ḟuil do ċroiḋe ceart i láṫair Dé.


ċum go gcóiṁlionfaiḋe ar órduiġ an dliġe ionnainne, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an spioraid.


Anois molaim siḃ de ḃriġ go mbíonn siḃ ag cuiṁneaṁ orm san uile niḋ, agus de ḃriġ go ḃfuil siḃ ag coiṁeád na ngnás fá mar ṫugas daoiḃ iad.


Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.


ċum go mbéiḋ siḃ gan loċt, gan aineaṁ, ’n‐ḃur gclainn Dé gan smál i lár ciniḋ ċaim, ċuirpṫiġ, go ḃfuil siḃ ’n‐a measc aṁail soillsí san tsaoġal,


siḃ réiḋtiġṫe leis anois tré ċorp a ḟeola de ḃárr an ḃáis, ċum siḃ do ṫaḃairt naoṁṫa, gan loċt, gan cionnta ’n‐a ḟiaḋnaise,


ċum go ndaingniġiḋ sé ḃur gcroiḋeaċa gan loċt i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar, ag teaċt d’ár dTiġearna Íosa i n‐éinḟeaċt le n‐a naoṁaiḃ uile.


D’á ḃriġ sin, a ċáirde, ó tá súil leis na neiṫiḃ seo agaiḃ, déanaiḋ gaċ iarraċt ċum go ḃfaiġfiḋe siḃ i síoṫċáin, gan smál, gan loċt ’n‐a ḟiaḋnaise.


Má’s eol díḃ é ḃeiṫ fíréanta, is eol daoiḃ gaċ aoinneaċ ċleaċtas fíréantaċt, gur uaiḋ‐sean do geineaḋ é.


Agus is air so aiṫniġmíd go ḃfuil aiṫne againn air, má ċoiṁeádaimíd a aiṫeanta.


A ċlann ḃeag, ná meallaḋ aoinneaċ siḃ: an té ċleaċtas fíréantaċt atá sé fíréanta, fá mar tá séisean fíréanta:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ