Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Iudais 1:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 A ċáirde ionṁaine, ó ṫárla go raiḃ fonn mór orm scríoḃaḋ ċugaiḃ i dtaoḃ ár slánuiġṫe ċóṁ‐ċoitċinn, is é do ḃí ’gam’ spreagaḋ a ṁeas go raiḃ sé de ḋualgas orm scríoḃaḋ ċugaiḃ g’á impiḋe oraiḃ an creideaṁ tugaḋ aon uair aṁáin do na naoṁaiḃ do ċosaint go daingean.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 A ḋearḃráiṫre gráḋaċa, ar ndéunaṁ a nuile ḋitċill daṁ ar sgríoḃaḋ ċuguiḃ a dtimċioll an tslánuiġṫe ċoitċinn, do ḃí na riaċdanus oram sgríoḃaḋ ċuguiḃ, ċum ḃur dteaguisg fá ċaṫúġaḋ go diṫċiollaċ ar son an ċreidiṁ tugaḋ éunuáir aṁáin do na náoṁuiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Iudais 1:3
44 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

g‐á ṁíniú agus g‐á áiteaṁ gurḃ éigean do’n Ċríost fulang, agus éirġe ó na marḃaiḃ; agus gur ab é an t‐Íosa so, ḟógraim‐se ḋaoiḃ, an Críost.


óir do ṡáruiġ sé go bríoġṁar ar na h‐Iúdaċaiḃ go poibliḋe san diospóireaċt, g‐a ċroṫú ḋóiḃ gurḃ é Íosa an Críost.


Óir níor staonas ó ċóṁairle Dé go h‐iomlán do noċtaḋ ḋaoiḃ.


D’á ḃriġ sin, bíoḋ a ḟios agaiḃ, go ḃfuil an slánuġaḋ so ó Ḋia d’á ċur ċum na gCineaḋaċ: agus do ċluinfiḋ siad‐san.


Agus ní ḟuil slánú le fáġáil i n‐aoinneaċ eile: óir ní ḟuil aon ainm eile fá neaṁ tugaḋ do ḋaoiniḃ le n‐ar ḃ’ḟéidir ár slánú.


Agus do ḃí briaṫar Dé ag leaṫaḋ; agus ḃí uiṁir na ndeisceabal ag dul i méid go mór i nIarúsalem; agus do ḃí a lán de na sagartaiḃ d’uṁluiġ do’n ċreideaṁ.


Aċt d’ḟreagair Ananias, A Ṫiġearna, do‐ċualas ó ṁórán daoine i dtaoḃ an ḟir sin, go ndearna sé díoġḃáil ṁór dod’ naoṁaiḃ i nIarúsalem:


Aċt is mó do ḃí Saul ag dul i neart, agus é ag cur na nIúdaċ do ċóṁnuiġ i nDamascus ’n‐a dtost, g‐á ċroṫú gur ab é sin an Críost.


Óir ar dtús ṫugas daoiḃ, mar fuaras é, go ḃfuair Críost bás i n‐éiric ár bpeacaiḋe, de réir na scrioptúir:


aċt níor ġéilleamar dóiḃ‐sean oiread agus uair aṁáin; ċum go ḃfanfaḋ fírinne an tsoiscéil i gcóṁnaiḋe agaiḃ‐se.


Ní ḟuil lúdaċ ’ná Gréagaċ ann, ní ḟuil saor ’ná daor ann, ní ḟuil fireannaċ ’ná baineannaċ ann: óir is aon duine aṁáin i nÍosa Críost siḃ go léir.


Féaċáiḋ na litreaċa móra atáim do ḋéanaṁ, ag scríoḃaḋ ċugaiḃ ḋom lem’ láiṁ féin.


Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, ċum na naoṁ atá i nEiféis, agus ċum luċt an ċreidiṁ i nÍosa Críost:


Pól agus Timóteus, seirḃísiġ Íosa Críost, ċum na naoṁ uile i nÍosa Críost atá i ḃFilipí, maille leis na h‐easbogaiḃ agus leis na deoċanaiḃ:


Aċt aṁáin caiṫiḋ ḃur saoġal mar d’oirfeaḋ do ṡoiscéal Ċríost; ar ċuma, cia aca ṫigim agus ċím siḃ, nó ḃím as láṫair, go mbéiḋ a ḟios agam ’n‐ḃur dtaoḃ go ḃfuil siḃ ag seasaṁ i n‐aon spiorad aṁáin, siḃ ar aon‐intinn aṁáin ag déanaṁ lán ḃur ndíċill ar son creidiṁ an tsoiscéil;


ċum na naoṁ agus ċum na mbráṫar dílis i gCríost atá i gColossae, grása ċugaiḃ agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair.


aċt tar á éis dúinn fulang roiṁe sin, agus masla náireaċ d’ḟáġáil i ḃFilipí, mar tá a ḟios agaiḃ, gur éiriġeamar dána ’n‐ár nDia ċum soiscéal Dé do ṡeanmórú ḋaoiḃ i lár toirmisc ṁóir.


Fágaim é seo mar ċúram ort, a Ṫimóteuis, a ṁic liom, do réir na dtarngaire do rinneaḋ id’ ṫaoḃ roiṁe seo, ċum go dtroidfiḋ tú an cóṁrac maiṫ d’á mbárr;


Troid deaġ‐ċóṁrac an ċreidiṁ, beir greim ar an mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe ċum ar glaoḋaḋ ṫú, agus go ndearnais adṁáil ṁaiṫ ḋi i láṫair a lán fiaḋnaiḋṫe.


Congḃuiġ go daingean sompla na mbriaṫar maiṫ do ċualais uaim, san gcreideaṁ agus san ngráḋ atá i nÍosa Críost.


ċum Títuis, fíor‐ṁac liom ’n‐ár gcóiṁ‐ċreideaṁ: Grása agus síoṫċáin ó Ḋia an tAṫair agus ó Íosa Críost ár Slánuiġṫeoir.


Impiḋim oraiḃ, a ḃráiṫre, glacaḋ le briaṫar an spreagṫa so uaim: óir níor scríoḃas aċt go h‐aiṫġearr ċugaiḃ.


Aċt, a ċáirde ionṁaine, má tá féin go ḃfuilim ag laḃairt ar an gcuma so, is deiṁin linn gur fearr ’ná sin atá na neiṫe agaiḃ‐se, neiṫe atá ag teaċt leis an slánuġaḋ:


Tré Ṡilḃánus, ár mbráṫair dílis, do réir mo ṫuairme‐se, atáim ag scríoḃaḋ go h‐aiṫġearr ċugaiḃ, ċum meanmna do ṫaḃairt daoiḃ, agus ċum a ċur i dtuigsin daoiḃ gur ab é fíor‐ġrása Dé é seo: seasuiġiḋ go daingean ann.


Síomón Peadar, seirḃíseaċ agus abstal Íosa Críost, ċum na ndaoine fuair an creideaṁ sár‐luaċṁar céadna atá againne; tré ḟíréantaċt ár nDé agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost:


Óir dob’ ḟearr dóiḃ gan eolas ḃeiṫ aca ar ṡliġe na fíréantaċta, ’ná tar a éis dóiḃ eolas d’ḟáġáil uirṫi, casaḋ siar ó’n naoṁ‐aiṫne tugaḋ ḋóiḃ.


Iúdás, seirḃíseaċ Íosa Críost, agus dearḃráṫair Ṡéamais, ċum na ndaoine fuair gairm, atá i ngráḋ Dé an tAṫair, agus atá d’á gcuṁdaċ le h‐aġaiḋ Íosa Críost:


Aċt, a ċáirde ionṁaine, biḋiḋ‐se ag cuiṁneaṁ ar na briaṫraiḃ do laḃair abstail ár dTiġearna Íosa Críost roiṁe seo;


Aċt, a ċáirde, tógaiḋ siḃ féin ar ḃun ḃur gcreidiṁ ṡár‐naoṁṫa, ag urnaiġe san Spiorad Naoṁ,


Agus rugadar buaiḋ air tré ḟuil an Uain, agus tré ḃriaṫar a ḃfiaḋnaise: agus níor ċuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin.


Ná bíoḋ aon eagla ort roiṁ an méid atá le fulang agat: féaċ, atá an diaḃal ar tí cuid agaiḃ do ċaiṫeaṁ isteaċ i bpríosún ċum froṁaḋ do ḋéanaṁ oraiḃ; agus béiḋ siḃ fá anró ar feaḋ deiċ lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐ḃéarfad‐sa coróin na beaṫaḋ ḋuit.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ