Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Iudais 1:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Mairg dóiḃ! óir do leanadar lorg Ċáin, agus do ċuadar ar mearḃall ar nós Ḃaláaim ar son tuarastail, agus do cailleaḋ iad i méirleaċas Ċóré.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Buḋ hanáoiḃinn dóiḃ! óir do leanadar lorg Ċáin, agus do ċúadar amúġa tré ṁéalltóireaċd ṫúarasduil Ḃálaaim, agus do sgriosaḋ iad tré ḃeiṫ ḋóiḃ coṁċonntrarḋa re Córe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Iudais 1:11
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Mairg duit, a Ċorásín! mairg duit, a Ḃétsáida! óir dá ndéantaiḋe i dTuire agus i Sídóin na gníoṁarṫa éaċtaċa do‐rinneaḋ ionnaiḃ‐se, is fad ó do‐ġéanaidís aiṫriġe fá éadaċ róin agus fá luaiṫ.


Is tré ċreideaṁ d’ofráil Aibial do Ḋia íoḋbairt dob’ ḟearr ’ná íoḋbairt Ċáin; agus d’á ḃárr sin fuair sé an teist gurḃ ḟíréan é, Dia ag glacaḋ le n‐a ṫíoḋlaicṫiḃ: agus d’á ḃárr sin laḃrann sé fós, agus é marḃ.


mic mallaċtan is eaḋ iad. Ag tréigean na sliġe díriġe ḋóiḃ, do ċuadar ar seaċrán, ag leanaṁain luirg Ḃálaam ṁic Ḃosóir, do ċuir dúil i dtuarastal na h‐éagcóra;


ní ar nós Ċáin é, duine de ċlainn na h‐ainspioraide do ṁarḃ a ḋearḃráṫair. Agus cad ċuige ar ṁarḃ sé é? Toisc a oibreaċa féin ḃeiṫ go h‐olc, agus oibreaċa a ḋearḃráṫar ḃeiṫ fíréanta.


Aċt atá beagán agam le ráḋ it’ aġaiḋ, de ḃriġ go ḃfuil annsin agat cuid de’n dream leanas de ṫeagasc Ḃaláaim, an té do ṁúin do Ḃalac ceap tuisliḋ do ċur roiṁ ċlainn Israel, ċum neiṫe do ḃí íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe, agus ċum striapaċas do ċleaċtaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ