Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 6:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus siḃ‐se, a ṁáiġistrí, déanaiḋ ḋóiḃ‐sean mar an gcéadna, gan ḃeiṫ ag bagairt orṫa; agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil a Máiġistir‐sean agus ḃur Máiġistir‐se ar neaṁ, agus naċ ḃféaċann sé do ṗearsain duine seaċas a ċéile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus, a ṁaiġisdri, déunuiḋse na neiṫer céudna ḋóiḃsion, ag cur bagair ar gcúl: ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ go ḃfuil ḃur Maiġisdir féin air neaṁ mar an gcéudna; agus naċ ḃfuil féuċuin do ṗearsuinn seaċ a ċéile aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 6:9
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do‐ċuaiḋ na seirḃísiġ sin amaċ ar na bóiṫriḃ, agus do ḃailiġeadar a ḃfuaradar, idir olc agus maiṫ: agus do líonaḋ árus na bainse de ḋaoiniḃ ’n‐a suíḋe ċum biḋ.


Annsin aduḃairt sé le n‐a ṡeirḃíseaċaiḃ, Atá an ḃainis ullaṁ, aċt na daoine a fuair cuireaḋ níorḃ fiú iad é.


Aċt, má’s droċ‐ṡeirḃíseaċ é, agus go n‐abrann sé ’n‐a ċroiḋe,


agus gearrfaiḋ sé as a ċéile é, agus do‐ḃéarfaiḋ sé a ċuid dó i ḃfoċair luċta an ḟuar‐ċráḃaiḋ: annsin béiḋ gol agus gíoscán fiacal.


D’á ḃriġ sin, gaċ niḋ ba ṁaiṫ liḃ go ndéanfaḋ daoine ḋaoiḃ‐se, déanaiḋ‐se mar an gcéadna ḋóiḃ‐sean: mar is é sin an dliġe agus na fáiḋe.


Agus fá mar ba ṁaiṫ liḃ do‐ġéanaḋ daoine ḋaoiḃ, déanaiḋ‐se mar an gcéadna ḋóiḃ‐sean.


Glaoḋann siḃ Múinteoir agus Tiġearna orm: agus atá an ceart agaiḃ; óir is mé sin.


Agus d’ḟoscail Peadar a ḃéal, agus aduḃairt, Go fírinneaċ is léir ḋom naċ ḃféaċann Dia do ḋuine seaċas a ċéile:


óir ní ḟuil meas ag Dia ar ṗearsain duine seaċas a ċéile.


agus Sostenes ár mbrátair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, ċum na ndaoine atá naoṁuiġṫe i nÍosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ’n‐a naoṁaiḃ, maille leis na daoiniḃ uile ins gaċ áit ġlaoḋas ar ainm Íosa Críost, a dTiġearna‐san agus ár dTiġearna féin:


Óir an té do gairmeaḋ san Tiġearna, bíoḋ gur scláḃaiḋe é, saoránaċ an Tiġearna is eaḋ é: ar an gcuma ċéadna an té fuair gairm agus é saor, searḃónta Ċríost is eaḋ é.


Óir an té do‐ġní an éagcóir, cúiteoċar leis do réir na h‐éagcóra atá déanta aige,


agus ní ḟuil meas ar ṗearsain duine seaċas a ċéile. A ṁáiġistreaċa, taḃraiḋ a gceart agus a gcoṁṫrom féin do ḃur seirḃíseaċaiḃ, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil Máiġistir agaiḃ féin ar neaṁ, leis.


Óir breiṫeaṁnas gan trócaire is eaḋ ġeoḃas an té naċ ndearna trócaire: buaḋann an trócaire ar an mbreiṫeaṁnas.


Aċt má ċóiṁlíonann siḃ an dliġe ríoġḋa do réir na scrioptúra, Gráḋóċair do ċóṁarsa mar ṫú féin, atá siḃ ag déanaṁ go maiṫ:


Féaċ, tuarastal ḃur scláḃaiḋte do ḃain ḃur nguirt, atá d’á ċongḃáil siar agaiḃ san éagcóir, atá sé ag eagnaċ os árd, agus ṫáinig casaoid na mbuanaiḋe go cluasaiḃ Ṫiġearna na sluaiġeaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ