Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 6:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Síoṫċáin do na bráiṫriḃ, agus gráḋ le creideaṁ

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Sioṫċáin ris na dearḃráiṫriḃ, agus gráḋ maille ré creideaṁ, ó Ḋía Aṫar agus on Dtíġearna Iósa Críosd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 6:23
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Fágaim síoṫċáin agaiḃ; do‐ḃeirim mo ṡíoṫċáin daoiḃ: ní mar do‐ḃeir an saoġal, do‐ḃeirim‐se ḋaoiḃ. Ná bíoḋ buaiḋirt ar ḃúr gcroiḋe, ná eagla air.


mar ḋaoine le h‐Íosa Críost; ċugaiḃ‐se uile atá san Róiṁ, ionṁain le Dia, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur naoṁaiḃ, Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó Ḋia ár nAṫair, agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


Anois, go raiḃ Dia na síoṫċána agaiḃ go léir. Amén.


Grása ḋaoiḃ, agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair, agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, slán agaiḃ. Biḋiḋ foirḃṫe, bíoḋ meisneaċ agaiḃ; biḋiḋ ar aon intinn le ċéile; cóṁnuiġiḋ i síoṫċáin: agus fanfaḋ Dia an ġráḋa agus na síoṫċána agaiḃ.


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Agus an méid ṡiuḃalfas de réir na riaġla so, go raiḃ síoṫċáin, agus trócaire orṫa go léir, agus ar Israel Dé.


ó Ḋia an t‐Aṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost. Go raiḃ grása aca‐san go léir go ḃfuil gráḋ gan smál aca do’n Tiġearna Íosá Críost.


Aċt sinne, daoine de ċlainn an lae, bímís ’n‐ár gcéill, tar éis lúireaċ an ċreidiṁ agus an ġráḋa do ċur orainn; agus an dóċas ċum slánuiġṫe ḃeiṫ mar ċlogad orainn.


Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;


Anois go dtugaiḋ Dia na síoṫċána síoṫċáin daoiḃ i gcóṁnaiḋe ar an uile ṡliġe. Go raiḃ an Tiġearna liḃ go léir.


agus do ṁéaduiġ grása ár dTiġearna go mór, le creideaṁ agus leis an ngráḋ atá i nÍosa Críost.


D’impiḋeas ort fanaṁain i nEiféis, agus mé ag imṫeaċt fá ḋéin na Maiceadóine, ċum fógraḋ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ áiriṫe gan aṫrú teagaisc do ṁúineaḋ,


Aċt muna ndéanaiḋ duine soláṫar d’á ṁuinntir féin, d’á líon tiġe féin, go h‐áiriṫe, atá an creideaṁ tréigṫe aige,


Beannuiġiḋ‐se d’á ċéile le póig carṫannaċta. Go raiḃ síoṫċáin agaiḃ‐se uile atá i gCríost.


aċt atá súil agam go ḃfeicfead gan ṁoill ṫú, agus laḃarfaimíd béal le béal le ċéile. Go raiḃ síoṫċáin leat. Beannuiġeann na cáirde ḋuit. Beannuiġ do na cáirdiḃ as a n‐ainmneaċaiḃ.


EOIN ċum na seaċt n‐eaglais atá san Áise: Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó’n té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt; agus ó na seaċt Spioraidiḃ atá os cóṁair a riġ‐ċaṫaoireaċ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ