Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 6:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 agus ar mo ṡon‐sa, ċum go dtiuḃarfar cumas cainnte ḋom, ag foscailt mo ḃéil go dána ḋom, ċum rúindiaṁair an tsoiscéil d’ḟoillsiú,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus ar mo ṡonsa, ionnus go dtiuḃarṫáoi ḋaṁ cumas laḃarṫa, a nosglaḋ mo ḃéil maille ré danaċ, ċum seicreide an tsoisgéil do ḟoillsiuġaḋ ḋaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 6:19
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do laḃair Pól agus Barnabas go dána, agus aduḃradar, Is liḃ‐se ba ḋual ḋúinn briaṫar Dé do laḃairt ar dtús. Aċt ó’s ag diúltaḋ ḋó atá siḃ, agus naċ fiú liḃ, de réir ḃúr mbreiṫe féin, an ḃeaṫa ṡíorraiḋe d’ḟáġáil, féaċ, atáimíd ag iompoḋ ċum na nGeinte.


Aċt d’ḟanadar tamall fada annsin ag laḃairt go dána i muiniġin an Tiġearna, ṫug fiaḋnaise do ḃriaṫar a ġrása, agus míorḃailtí agus iongantais d’á ndéanaṁ d’á ḋeoin tré n‐a láṁaiḃ.


agus do ṫosnuiġ sé ar laḃairt go dána san tsionagóig. Aċt nuair d’éist Priscilla agus Aculas leis, ṫugadar leo é, agus do ṁíniġeadar sliġe an Tiġearna ní ba ċruinne ḋó.


Agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tsionagóig, agus ḃí sé ag laḃairt go dána ar feaḋ trí mí, ag diospóireaċt agus ag léir‐ṁíniú i dtaoḃ ríoġaċta Dé.


Agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do ṫionnscnadar laḃairt as teangṫaċaiḃ éagsaṁla, de réir mar ṫug an Spiorad dóiḃ laḃairt.


ag craoḃscaoileaḋ ríoġaċta Dé, agus ag múineaḋ le dánaċt na neiṫe ḃaineas leis an Tiġearna Íosa Críost, gan aon duine ag cur coisc leis.


Agus nuair ċonnacadar Peadar agus Eoin, agus iad ċóṁ dána sin, agus ṫuigeadar gur daoine gan foġlaim, gan léiġean iad, do ḃí iongnaḋ orṫa; agus d’aiṫniġeadar iad, go mbídís i ḃfoċair Íosa.


Agus anois, a Ṫiġearna, féaċ ar a mbagairt: agus taḃair dod’ ṡeirḃíseaċaiḃ do ḃriaṫar do laḃairt fo meisneaṁail,


Agus nuair do ġuiḋeadar, do ċrioṫ an áit ’n‐a raḃadar cruinniġṫe le ċéile; agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do laḃradar briaṫar Dé le dánaċt.


Aċt do ġlac Barnabas ċuige é, agus ṫug sé ċum na n‐abstal é, agus d’innis sé ḋóiḃ cionnas do ċonnaic sé an Tiġearna san tsliġe, agus gur laḃair sé leis, agus cionnas mar laḃair sé i nDamascus i n‐ainm Íosa.


ag laḃairt go dána i n‐ainm an Tiġearna: agus do ḃíoḋ sé ag laḃairt agus ag diospóireaċt i n‐aġaiḋ na nGréagaċ; go ndeaċadar‐san ag iarraiḋ a ṁarḃaḋ.


Anois, a ḃráiṫre, impiḋim oraiḃ, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, agus as uċt gráḋa an Spioraid, cuidiú liom‐sa ag guiḋe ċum Dé ar mo ṡon;


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ,


de ḃriġ go ḃfuair siḃ saiḋḃreas ann ins an uile niḋ, i mbriaṫraiḃ béil agus i n‐eolas de gaċ cineál;


aċt laḃraimíd eagna Dé ’n‐a diaṁar‐rún do ḃí fá ċeilt, d’órduiġ Dia ċum ár nglóire roiṁ ṫosaċ an tsaoġail;


Bíoḋ an meas ag daoiniḃ orainn ḃíos aca ar ṁaoraiḃ rúindiaṁaír Dé.


agus siḃ‐se ag cuidiú linn le h‐aṫċuinġe ar ár son; ċum go dtiuḃraiḋ a lán daoine buiḋeaċas ’n‐ár dtaoḃ as uċt na tíoḋlaice do bronnaḋ orainn ar impiḋe móráin.


Ó ṫárla a leiṫéid seo de ṁuiniġin ḃeiṫ againn, laḃraimíd as cainnt an‐dána,


A Ċoirinnteaċa, atá ár mbéal ar ḟoscailt daoiḃ, atá fairsinge croiḋe againn.


Is mór an ṁuiniġin atá agam asaiḃ, is mór an t‐aḋḃar maoiḋṁeaċais atá agam ’n‐ḃur dtaoḃ: atáim ṫar a ḃeiṫ lán d’áṫas i lár ár n‐aṁgair.


Aċt ó tá siḃ iomlán san uile niḋ, i gcreideaṁ, i n‐urlaḃra, agus i n‐eolas, agus san uile ḋúṫraċt, agus ’n‐ḃur ngráḋ ḋúinne, bíoḋ an grása so go h‐iomlán, leis.


tar a éis dó rúindiaṁair a ṫola do noċtaḋ ḋúinn, fá mar ḃí ceapṫa ann féin aige, do réir a ḋéiġṁéine féin,


agus a ċur i dtuigsin cionnas mar dáileaḋ an rúindiaṁair do ḃí fá ċeilt leis na ciantaiḃ i nDia do ċruṫuiġ gaċ uile niḋ;


ċum go neartóċar a gcroiḋeaċa, ċum go ndlúṫóċar iad le ċéile i ngráḋ, agus go mbéiḋ gaċ saiḋḃreas aca maidir le lán‐dearḃṫaċt tuigseana, ċum go ḃfaiġiḋ siad eolas ar rúindiaṁair Dé, is é sin Críost,


le breiṫ buiḋeaċais; ag guiḋe orainne ar an am céadna, go ḃfosclóċaiḋ Dia doras do’n ḃriaṫar dúinn, ċum rúindiaṁair Ċríost, go ḃfuilim‐se i gcuiḃreaċaiḃ ar a son, d’innsin;


aċt tar á éis dúinn fulang roiṁe sin, agus masla náireaċ d’ḟáġáil i ḃFilipí, mar tá a ḟios agaiḃ, gur éiriġeamar dána ’n‐ár nDia ċum soiscéal Dé do ṡeanmórú ḋaoiḃ i lár toirmisc ṁóir.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, guiḋiḋ orainne, ċum go leaṫaiḋ briaṫar an Tiġearna, agus go nglóiriġtear é, mar tá d’á ḋéanaṁ agaiḃ‐se;


Agus gan déidearḃaḋ ar biṫ, is doiṁin í rúindiaṁair na diaḋaċta; an Té do foillsiġeaḋ san ḃfeoil, do fíréanuiġeaḋ san Spiorad, go ḃfaca aingle é, do craoḃscaoileaḋ i measc na gCineaḋaċ, gur creideaḋ ann san tsaoġal, gur tógaḋ suas é san nglóir.


Aċt, ar an am céadna ullṁuiġ lóistín dom: óir atá súil agam go mbronnfar mé oraiḃ de ḃárr ḃur n‐urnaiġṫe.


Guiḋiḋ orainne: óir creidimíd go ḃfuil coinsias glan againn, agus a ḟonn orainn maireaċtain go cneasta ar gaċ sliġe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ