Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 6:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Uime sin glacaiḋ ċugaiḃ arm agus éideaḋ Dé go h‐iomlán, ċum go ḃféadfaiḋ siḃ an fód do ṡeasaṁ san droċ‐lá, agus, tar a éis daoiḃ gaċ uile niḋ do ḋéanaṁ, fanaṁain ag seasaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Uime sin glacuiḋ ċuguiḃ armáil Dé go huiliḋe, ċum go maḋ-féidir liḃ cur na naḋuiġ a ló an ríaċdanuis, agus seasaṁ ar gcríoċnuġaḋ, na nuile neiṫeann dáoiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 6:13
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt biḋiḋ ag faire i gcóṁnaiḋe, agus ag guiḋe, go mbéiḋ sé de neart agaiḃ éalóḋ ó na neiṫiḃ sin uile atá le teaċt, agus seasaṁ i láṫair Ṁic an Duine.


Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ġlacas ċuca an briaṫar le h‐áṫas tar a éis dóiḃ éisteaċt leis; agus ní ḟuil fréaṁ aca‐san; creideann siad ar feaḋ tamaill, agus i n‐am caṫuiġṫe téiġeann siad ar gcúl.


Atá an oiḋċe imṫiġṫe, naċ mór, atá an lá ċugainn: cuirimís dínn gníoṁarṫa an dorċadais, agus cuirimís umainn éide an tsolais.


óir ní de’n ċolainn ár n‐airm troda, aċt atá siad cumasaċ ó Ḋia ċum daingne do leagaḋ;


ag baint tairḃe as an uain, óir is olc iad na laeṫe seo.


Ná meallaḋ aoinneaċ le baoṫ‐ċainnt siḃ: óir is de ḋeascaiḃ neiṫe d’á leiṫéidiḃ sin atá díḃeirg Dé ag teaċt ar ċlainn na h‐easuṁlaċta.


Epafras, duine ḋíḃ féin, seirḃíseaċ Íosa Críost, beannuiġeann seisean daoiḃ, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaiġṫiḃ ar ḃur son, g‐á ġuiḋe go seasfaiḋ siḃ go diongḃálta, lán‐dearḃṫa de ṫoil Dé.


Uṁluiġiḋ do Ḋia, d’á ḃriġ sin; aċt cuiriḋ i n‐aġaiḋ an diaḃail, agus teiċfiḋ sé uaiḃ.


D’á ḃriġ sin, ó ṫárla gur ḟulaing Críost san ḃfeoil, bíoḋ an aigne ċéadna sin mar arm agaiḃ; óir an té d’ḟulaing san ḃfeoil, atá sé scarṫa le peacaḋ;


De ḃriġ gur ċoiṁeádais briaṫar m’ḟad‐ḟulaing, cuṁdóċad‐sa ṫú ar uair an ċaṫuiġṫe atá le teaċt ar an saoġal uile, ċum a maireann ar talaṁ d’ḟroṁaḋ.


óir atá lá mór a ḋíḃeirge tagṫa; agus cia ḟéadas seasaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ