Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 6:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 I ndeireaḋ scéil, biḋiḋ tréan san Tiġearna agus ’n‐a neart mór‐ċumasaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Fá ḋeóiġ, a ḋearḃráiṫreaċa, bíġiḋ neartṁar sa Dtíġearna, agus a gcúṁaċd a neirtsion.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 6:10
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Biḋiḋ ag faire; seasaiḋ go daingean san gcreideaṁ; biḋiḋ go fearaṁail; biḋiḋ tréan‐láidir.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, slán agaiḃ. Biḋiḋ foirḃṫe, bíoḋ meisneaċ agaiḃ; biḋiḋ ar aon intinn le ċéile; cóṁnuiġiḋ i síoṫċáin: agus fanfaḋ Dia an ġráḋa agus na síoṫċána agaiḃ.


agus cad é móir‐ṁéid a ċuṁaċta ’n‐ár dtaoḃ‐na ċreideas, do réir mar oibriġeas briġ ṁór a ċumais, d’oibriġ sé i gCríost,


ċum go dtiuḃraiḋ sé ḋaoiḃ do réir saiḋḃris a ġlóire, ḃeiṫ neartuiġṫe go bríoġṁar tríd a Spiorad san anam istiġ;


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, déanaiḋ gáirdeaċas san Tiġearna. Ní ḟuil tuirse orm ag scríoḃaḋ na neiṫe céadna arís, aċt déanfaiḋ sé ḃur leas‐sa.


Ní ḟuil niḋ naċ dtig liom a ḋéanaṁ le cumas an té neartuiġeas mé.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, gaċ a ḃfuil fíor, gaċ a ḃfuil uasal, gaċ a ḃfuil glan, gaċ a ḃfuil ’n‐a ḋíol gráḋa, gaċ a ḃfuil fá ḋeaġ‐ċlú; gaċ suḃáilce, gaċ éinniḋ atá ionṁolta, gur ab orṫa sin ḃéas siḃ ag smaoineaḋ.


siḃ daingniġṫe le gaċ neart tré ċuṁaċt a ġlóire, nó go raiḃ siḃ lán‐ḟoiḋneaċ, fad‐ḟulaingeaċ le h‐áṫas;


Uime sin, a ṁic liom, bí‐se tréan san ngrása atá i nÍosa Críost.


Aċt do ṡeas an Tiġearna lem’ ais, agus ṫug sé neart dom, ċum go ḃfógróċaiḋe an teaċtaireaċt go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeaḋ na Cineaḋaċa go léir í: agus do saoraḋ mé ó ḃéal an leoṁain.


I ndeireaḋ scéil, biḋiḋ uile ar aon intinn, aṫtruaġaċ, lán de ġráḋ bráṫarḋa, so‐ċroiḋeaċ, aċt uṁal;


Má laḃrann aoinneaċ, laḃraḋ sé mar ḃéaḋ sé ag laḃairt briaṫar Dé; má ġníonn aoinneaċ miniostrálaċt, déanaḋ sé é do réir an ċumais do‐ḃeir Dia: ċum glóir ins an uile niḋ do ṫaḃairt do Ḋia tré Íosa Críost, ag a ḃfuil an ġlóir, agus an ċuṁaċt go saoġal na saoġal. Amen.


Agus Dia an uile ġrása, do ġlaoḋ ċum a ġlóire féin i gCríost siḃ, tar a éis daoiḃ fulang ar feaḋ tamaill ḃig, foirḃfiḋ sé siḃ, neartóċaiḋ agus daingneoċaiḋ sé siḃ.


Do scríoḃas ċugaiḃ‐se, a aiṫreaċa, de ḃriġ go ḃfuil aiṫne agaiḃ ar an té atá ann ó ṫús. Do scríoḃas ċugaiḃ‐se, a ḟeara óga, de ḃriġ go ḃfuil siḃ tréan, agus go gcóṁnuiġeann briaṫar Dé ionnaiḃ, agus go ḃfuil buaiḋte agaiḃ ar an ainspioraid.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ