Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 6:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 A ċlann ó, biḋiḋ uṁal d’ḃur n‐aiṫreaċaiḃ agus d’ḃur máiṫreaċaiḃ san Tiġearna: óir is é ḃur ndualgas é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 A ċlann, bíġiḋ úṁal dá ḃur naiṫriḃ agus da ḃur maiṫriḃ sa Dtíġearna: óir as coir so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 6:1
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuaiḋ sé síos leo, agus ṫáinig sé go Nasair; agus do ḃí sé uṁal dóiḃ: agus do ċoiṁéad a ṁáṫair na briaṫra so uile ’n‐a croiḋe.


Agus ná géilliḋ do nósaiḃ an tsaoġail seo: aċt aṫruiġtear siḃ tré aṫnuaḋaḋ ḃur n‐aigne, ċum go ḃfroṁfaiḋ siḃ toil Dé, atá maiṫ, agus taiṫneaṁaċ, agus diongḃálta.


go nglacaiḋ siḃ ċugaib í san Tiġearna, mar ba dual do na naoṁaiḃ, agus go gcuidiġiḋ siḃ léi i n‐aon ġnó ’n‐a mbéiḋ ḃur gcongnaṁ de ḋiṫ uirṫi; óir go deiṁin ṫug sí féin congnaṁ d’á lán daoine, agus daṁ‐sa, leis.


D’á ḃriġ sin, atá an dliġe naoṁṫa, agus atá an aiṫne naoṁṫa, agus fírinneaċ, agus maiṫ.


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine, biḋiḋ diongḃálta, do‐ċorruiġṫe, lán‐díċeallaċ i gcóṁnaiḋe i ngnó an Tiġearna, agus a ḟios agaiḃ naċ ḃfuil ḃur saoṫar san Tiġearna gan toraḋ.


Aċt má tá aon ḃaintreaḃaċ ann agus clann nó clann clainne aici, foġlaimidís ar dtús gur dual dóiḃ cráiḃṫeaċt do ṫaisbeáint d’á líon tiġe féin, agus cúiteaṁ do ḋéanaṁ le n‐a dtuismiġṫeoiriḃ: óir atá sin taiṫneaṁaċ i ḃfiaḋnaise Dé.


Géilliḋ do gaċ uġdarás daonna ar son an Tiġearna: má’s é an rí, mar árd‐riaġlóir é, nó má’s iad na goiḃearnóirí iad,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ