Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 5:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Ná meallaḋ aoinneaċ le baoṫ‐ċainnt siḃ: óir is de ḋeascaiḃ neiṫe d’á leiṫéidiḃ sin atá díḃeirg Dé ag teaċt ar ċlainn na h‐easuṁlaċta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Ná meallaḋ éainneaċ siḃ ré bríaṫruiḃ dioṁáoineaċa: óir tug fearg Dé ar son na neiṫeannsa ar ċloinn na heasúṁlaċda.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 5:6
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir éireoċaiḋ Críostanna bréige, agus fáiḋe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantaisí móra, d’ḟonn na fíréin toġṫa féin do ṁeallaḋ, má’s féidir é.


Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire ar eagla go meallfaiḋ aoinneaċ siḃ.


óir éireoċaiḋ Críostanna bréige agus fáiḋe bréige, agus taisbéanfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantais, d’ḟonn na fíréin féin do ṁeallaḋ, dá mb’ ḟéidir é.


Agus do ṫosnuiġ Íosa ar a ráḋ leo, Taḃraiḋ aire naċ meallfaiḋ aoinneaċ siḃ.


Óir foillsiġtear díḃeirg Dé ó neaṁ i n‐aġaiḋ gaċ aindiaḋaċta agus i n‐aġaiḋ gaċ éigcirt daoine ċoisceas an ḟírinne leis an éigceart;


Ná leigiḋ d’aon duine ḃur luaiġeaċt do ṁeallaḋ uaiḃ, g‐á ṡásaṁ féin fá scáṫ uṁlaċta ḋá deoin féin agus le h‐aḋraḋ do ṫaḃairt d’aingliḃ, ag seasaṁ ar a ḃfaca se, agus é d’á ṫeannaḋ le h‐uaḃar ag a céadfaiḋiḃ colnaiḋe féin,


Adeirim an méid seo ar eagla go meallfaḋ aoinneaċ le clisteaċt cainnte siḃ.


Seaċnaiḋ an meallfaḋ aoinneaċ le n‐a ḟeallsaṁnaċt agus le n‐a ḃaoṫ‐ṫeagasc siḃ, do réir béaloidis daoine, do réir dúla an doṁain, agus ní do réir Ċríost:


óir is de ḋeascaiḃ a leiṫéidí sin ṫig díḃeirg Dé ar ċlainn na h‐easuṁlaċta;


Ná meallaḋ aoinneaċ ar aon ċuma siḃ; óir ní foláir tréigean an ċreidiṁ do ṫeaċt ar dtús,


Ná biḋiḋ d’ḃur ḃfuadaċ ag teagascaiḃ éagsaṁla, aisteaċa; óir is maiṫ go gcoṫóċaiḋe an croiḋe le grása, ní le biaḋaiḃ do ḃí gan tairḃe ariaṁ do na daoiniḃ do ġnáṫuiġ iad.


Ċímíd, d’á ḃriġ sin, nár ḟéadadar dul isteaċ ann mar ġeall ar easbaiḋ creidiṁ.


Agus, Cloċ tuisliḋ, agus carraig scannail; óir tuisliġeann siad ar an mbriaṫar, toisc iad ḃeiṫ easuṁal dó: agus is é do ḃí i ndán dóiḃ.


A ċáirde ionṁaine, ná creidiḋ gaċ aon spiorad, aċt déanaiḋ froṁaḋ ar na spioraidiḃ, d’ḟéaċain an ó Ḋia atáid: de ḃriġ go ḃfuil a lán fáiḋe bréige imṫiġṫe amaċ san tsaoġal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ