Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 5:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 ċum go naoṁóċaḋ sé í, g‐á glanaḋ leis an mbriaṫar fá ṫuinn an ḃaistiḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Ionnus go ndéanaḋ náomṫa í ar na glanaḋ ḋó a niġe uisge trés an mbréiṫir,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 5:26
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aduḃairt Íosa leis, an té atá niġte ní gáḃaḋ ḋó aċt a ċosa do niġe, agus atá sé glan ar fad: agus atá siḃ‐se glan, aċt ní ḟuil gaċ duine agaiḃ glan.


Atá siḃ‐se glan anois de ḃárr an ḃriaṫair do laḃras liḃ.


Siḃ‐se do ṫaḃairt mórán torṫa, as sin is eaḋ tugtar glóir dom’ Aṫair; agus siḃ do ḃeiṫ ’n‐ḃúr ndeisceablaiḃ agam‐sa.


Atá a ḟios aca anois gur ab uait‐se gaċ a dtugais dom:


D’ḟreagair Íosa, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní ḟéadann sé dul isteaċ i ríoġaċt Dé.


Agus cad ċuige an ṁoill sin ort anois? éiriġ, baistṫear ṫú, agus niġ ḋíot do ṗeacaiḋe, ag glaoḋaċ ar a ainm.


le n‐a súilí d’ḟoscailt, ċum go n‐iompóċaidís ó’n dorċadas ċum an tsolais, agus ó ċuṁaċt Sátain ċum Dé, go ḃfaiġdís maiṫeaṁnas na bpeacaḋ agus oiġreaċt i measc na ndaoine naoṁṫar tré ċreideaṁ ionnaim‐se.


Aċt créad adeir sí? Atá an briaṫar i ngar duit, id’ ḃéal agus id’ ċroiḋe:


Agus do ḃí a leiṫeidí sin oraiḃ‐se: aċt do niġeaḋ siḃ, aċt do naoṁuiġeaḋ siḃ, aċt do fíréanuiġeaḋ siḃ i n‐ainm an Tiġearna Íosa, agus tré Spiorad ár nDé.


Óir atáim éadṁar liḃ le h‐éad diaḋa: óir ṫugas le pósaḋ siḃ d’ḟear aṁáin, ċum siḃ do ṫaḃairt mar ṁaiġdin gan smál do Ċríost.


Agus glacaiḋ clogad an tslánuiġṫe, agus claiḋeaṁ an Spioraid, is é sin briaṫar Dé:


Déanaḋ briaṫar Críost cóṁnaiḋe go fairsing san uile eagna ionnaiḃ; ag múineaḋ agus ag spreagaḋ a ċéile le salmaiḃ, agus le h‐iomnaiḃ, agus le dántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt do Ḋia le grása ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ.


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


De ḃárr na tola sin is eaḋ atáimíd‐ne d’ár naoṁú tré íoḋbairt ċuirp Ċríost an t‐aon uair go deo.


Óir de ḃárr aon íoḋbarṫa aṁáin d’ḟoirḃiġ sé go deo na daoine atá naoṁuiġṫe.


druidimís i ḃfoigseaċt dó, le fírinne croiḋe, agus an creideaṁ daingniġṫe ’n‐ár n‐aigne, agus ár gcroiḋeaċa glanta ó ḋroċ‐ċoinsias, agus ár gcorp niġte le fíor‐uisce:


naċ móide go mór, an measann siḃ, an pionós ḃéas tuilte ag an té do ṡatail fá ċois Mac Dé, agus ṫug tarcuisne d’ḟuil an ċonnarṫa le n‐ar naoṁuiġeaḋ é, agus ṫug masla do Spiorad an ġrása?


Ar an aḋḃar sin d’ḟulaing Íosa, leis, taoḃ amuiġ de’n ġeata, ċum go naoṁóċaḋ sé an pobal le n‐a ḟuil féin.


Óir atá briaṫar Dé beo, bríoġṁar, níos géire ’ná aon ċlaiḋeaṁ ḋá ḟaoḃar. Téiġeann sé isteaċ idir an anam agus an spiorad, idir na h‐ailt, agus an smior, agus scrúduiġeann sé smaointe agus meon an ċroiḋe.


naċ mó go mór ḋéanfas fuil Ċríost, an té d’íoḋbair é féin gan smál do Ḋia, tríd an Spiorad síorraiḋe, ḃur gcoinsias do ġlanaḋ ó ġníoṁarṫaiḃ marḃa ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia síorraiḋe?


Is d’á ṫoil féin do ġein sé le briaṫar na fírinne sinn, ċum go mbéimís mar ċéad‐ṫorṫa a ḃfuil cruṫuiġṫe aige.


do toġaḋ do réir réaṁeolais Dé an tAṫair, tré naoṁú an Spioraid, ċum uṁlaċta agus ċum croiṫte fola Íosa Críost: Go méaduiġtear grása agus síoṫċáin daoiḃ.


Is é a ṡaṁail sin an baiste ṡlánuiġeas sinne anois, ní h‐é glanaḋ salaċair an ċuirp, aċt freagairt deaġ‐ċoinsiais do Ḋia, tré aiséirġe Íosa Críost;


Óir an té go ḃfuil na neiṫe seo i n‐easnaṁ air, atá sé gearr‐raḋarcaċ; ní ḟeiceann sé éinniḋ naċ ḃfuil i ngar dó, agus atá sé g‐á ḋearmad gur glanaḋ é ó na ṡean‐ṗeacaiḋiḃ.


Is é Íosa Críost an té ṫáinig tré uisce agus tré ḟuil: ní h‐é tríd an uisce aṁáin, aċt tríd an uisce agus tríd an ḟuil.


Iúdás, seirḃíseaċ Íosa Críost, agus dearḃráṫair Ṡéamais, ċum na ndaoine fuair gairm, atá i ngráḋ Dé an tAṫair, agus atá d’á gcuṁdaċ le h‐aġaiḋ Íosa Críost:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ