Mar sin de, de ḃriġ gur ab eol dúinn eagla an Tiġearna, táimíd d’iarraiḋ na daoine do spreagaḋ, agus aiṫniġeann Dia sinn; agus atá súil againn go n‐aiṫniġeann siḃ‐se ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ sinn, leis.
Óir, a ḃráiṫre, is ċum saoirse do glaoḋaḋ siḃ; aċt aṁáin ná déanaiḋ leiṫscéal de ḃur saoirse le h‐aġaiḋ na feola, aċt biḋiḋ mar ṡeirḃísiġ i ngráḋ d’á ċéile.
Biḋiḋ uṁal d’ḃúr dtreoruiġṫiḃ, agus taḃraiḋ ómós dóiḃ: óir bíonn siad ag faire ḃur n‐anmanna, mar ḋaoine go ḃfuil sé de ḋualgas orṫa cunntas do ṫaḃairt: ċum go ndéanfaiḋ siad go lúṫġáireaċ é, agus ní go doilġeasaċ: óir ní ḃéaḋ sin ċum ḃur leasa.
Ar an gcuma ċéadna, cuireaḋ an t‐aos óg iad féin fá ċeannas na seanóir. Bíoḋ an uṁlaċt mar ċlúdaċ oraiḃ, óir cuireann Dia i n‐aġaiḋ na n‐uaiḃreaċ, aċt do‐ḃeir sé grása do na h‐uṁlaiḃ.