Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 5:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 ag laḃairt le ċéile i salmaiḃ, agus i n‐iomnaiḃ, agus i ndántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt agus ag déanaṁ ceoil ’n‐ḃur gcroiḋe do’n Tiġearna;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Ag láḃairt ré ċéile a salmuiḃ agus a ḃfonnuiḃ diaġa, agus a gcaintiġiḃ sbioradálta, ag seinm agus ag déunaṁ ceóil do Tíġearna ann ḃur gcróiḋṫiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 5:19
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Onóruiġeann na daoine seo mé le n‐a mbéal; Aċt is fada uaim atá a gcroiḋe.


Agus tar a éis dóiḃ iomann do ċanaḋ, do ċuadar amaċ go Cnoc na nOla‐ċrann.


Aċt timċeall uaire an ṁeaḋoin oiḋċe do ḃí Pól agus Sílas ag urnaiġe agus ag canaḋ iomann do Ḋia, agus na príosúnaiġ ag éisteaċt leo;


Créad eile má’s eaḋ? Déanfad urnaiġe leis an spiorad, agus déanfad urnaiġe leis an tuigsin ċinn, ċóṁ maiṫ: canfad leis an spiorad, agus canfad leis an tuigsin ċinn, ċóṁ maiṫ.


Créad é, mar sin, a ḃráiṫre? Ag teaċt i gceann a ċéile ḋaoiḃ, bíonn salm, bíonn teagasc éigin, bíonn teanga, bíonn foillsiú, bíonn míniú ag gaċ duine agaiḃ. Déantar gaċ uile niḋ ċum leasa na mbráṫar.


Déanaḋ briaṫar Críost cóṁnaiḋe go fairsing san uile eagna ionnaiḃ; ag múineaḋ agus ag spreagaḋ a ċéile le salmaiḃ, agus le h‐iomnaiḃ, agus le dántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt do Ḋia le grása ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ.


An ḃfuil aon duine ’n‐ḃur measc ag fulang? Déanaḋ sé urnaiġe. An ḃfuil aon duine ríméadaċ? Déanaḋ sé laoiḋ molta do ċanaḋ.


Agus do ċanadar aṁrán úr‐nua, g‐á ráḋ, Is fiú ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ agus a ṡéalaí d’ḟoscailt: de ḃriġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiġis do Ḋia led’ ḟuil daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ pobal, agus de gaċ cineaḋ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ