Annsin aduḃairt Íosa leo, Tamall beag eile fós, béiḋ an solas ’n‐ḃúr measc. Siuḃlaiḋ an ḟaid atá an solas agaiḃ, i dtreo naċ mbéarfaḋ an dorċact oraiḃ: agus an té ṡiuḃlas sa dorċact, ní ḃíonn a ḟios aige cá mbíonn sé ag dul.
Agus is eol daoiḃ an aimsear atá ann fá láṫair, gur miṫid dúinn dúiseaċt ó’n suan: óir atá an slánuġaḋ níos giorra ḋúinn ’ná ḃí nuair ċreideamar ar dtús.
Uime sin glacaiḋ ċugaiḃ arm agus éideaḋ Dé go h‐iomlán, ċum go ḃféadfaiḋ siḃ an fód do ṡeasaṁ san droċ‐lá, agus, tar a éis daoiḃ gaċ uile niḋ do ḋéanaṁ, fanaṁain ag seasaṁ.