Atá gaċ niḋ go h‐iomadaṁail agam: atá mo lán‐dóṫain agam, óir na neiṫe ṫáinig uaiḃ‐se, atá mar ḃolaḋ deaġ‐ċuṁra, íoḋbairt ionġlacṫa, taiṫneaṁaċ ag Dia, fuaras ó Epafróditus iad.
ċum go siuḃalfaiḋ siḃ mar d’oirfeaḋ daoiḃ san Tiġearna, go sásóċaiḋ siḃ é ar an uile ṡliġe, ag taḃairt torṫa san uile ḋeaġ‐ġníoṁ, agus ḃur n‐eolas ar Ḋia ag dul i méid;
Aċt má tá aon ḃaintreaḃaċ ann agus clann nó clann clainne aici, foġlaimidís ar dtús gur dual dóiḃ cráiḃṫeaċt do ṫaisbeáint d’á líon tiġe féin, agus cúiteaṁ do ḋéanaṁ le n‐a dtuismiġṫeoiriḃ: óir atá sin taiṫneaṁaċ i ḃfiaḋnaise Dé.
Uime sin, ag fáġáil ríoġaċta do‐ċorruiġṫe ḋúinn, taisbeánaimís ár mbuiḋeaċas, ċum go ndéanfaimíd seirḃís taiṫneaṁaċ do Ḋia, le h‐urraim ḋiaḋa agus le h‐eagla,
Óir cia an t‐aḋḃar maoiḋṁeaċais é, nuair ġníos siḃ peacaḋ, agus go ḃfáġann siḃ droċ‐íde d’á ḃárr, é do ġlacaḋ go foiġdeaċ? aċt má ġlacann siḃ go foiġdeaċ é, nuair ġníos siḃ mar ba ċeart, is niḋ sin ṫaiṫneas le Dia.
Biḋiḋ‐se, mar an gcéadna, mar ċloċa beo d’á gcur le ċéile ċum teaċ spioradálta do ṫógáil, ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur sagartaċt naoṁṫa, ċum íoḋbarṫa spioradálta ṫaiṫneas le Dia tré Íosa Críost, d’ofráil.