Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 4:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 (Anois, Do ċuaiḋ sé suas, créad is ciall leis, munab é go ndeaċaiḋ sé síos ar dtús i réigiúnaiḃ íoċtaraċa na talṁan?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Aċd go ndeaċuiḋ sé súas, créd is cíall dó aċd go ndeaċuiḋ sé síos ar tús mar an gcéúdna go hionaduiḃ iaċdaraċa na talṁan?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 4:9
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir, fá mar do ḃí Iónás trí lá agus trí oiḋċe i mbolg an ṁíl ṁóir; mar sin ḃéas Mac an Duine trí lá agus trí oiḋċe i gcroiḋe na talṁan.


Áduḃairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní ċuaḋas suas ċum an Aṫar fós: aċt téiġ ċum mo ḃráiṫreaċ, agus abair leo, Atáim ag dul suas ċum m’Aṫar‐sa agus ḃúr nAṫar‐sa, agus ċum mo Ḋé‐se agus ḃúr nDé‐se.


Agus ní ḋeaċaiḋ aon duine suas ar neaṁ, aċt an té ṫáinig anuas ó neaṁ, Mac an Duine atá ar neaṁ.


Óir is é arán Dé an t‐arán ṫig ó neaṁ anuas agus do‐ḃeir beaṫa do’n tsaoġal.


Óir ní ċum mo ṫoil féin do ḋéanaṁ ṫáinig mé anuas ó neaṁ, aċt ċum toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ.


Agus do ḃí na h‐Iúdaiġ ag ceisneaṁ ’n‐a ṫaoḃ, toisc go nduḃairt sé, Is mise an t‐arán ṫáinig anuas ó neaṁ.


Is mise an t‐arán beo ṫáinig anuas ó neaṁ: má iṫeann duine an t‐arán so, mairfiḋ sé go deoiḋ: agus an t‐arán do‐ḃéarfad‐sa, is é m’ḟeoil é, tugaḋ ċum beaṫaḋ an tsaoġail.


Is é seo an t‐arán ṫáinig anuas ó neaṁ: ní h‐ionann é agus an t‐arán d’iṫ ḃúr n‐aiṫreaċa agus fuair bás: an té iṫeas an t‐arán so, mairfiḋ sé go deoiḋ.


Agus dá ḃfeiceaḋ siḃ Mac an Duine ag dul suas mar a raiḃ sé ar dtús?


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Bíoḋ go ḃfuilim ag déanaṁ fiaḋnaise im’ ṫaoḃ féin, atá m’ḟiaḋnaise fírinneaċ, óir is eol dom cá h‐as a dtáinig mé, agus cá ḃfuilim ag dul; aċt ní ḟuil a ḟios agaiḃ‐se cá h‐as a dtáinig mé, ná cá ḃfuilim ag dul.


Do rinnis níb’ ísle ’ná na h‐aingle é, ar feaḋ tamaill ḃig; Do ċuiris coróin glóire agus onóra air, Agus do ċuiris os cionn oibreaċ do láṁ é


Aċt ċímíd Íosa, do rinneaḋ níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feaḋ tamaill ḃig, ċímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’ḟulang, ċum, tré ġrása Dé, go mblaisfeaḋ sé bás ar son gaċ uile ḋuine.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ