Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 4:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 agus biḋiḋ muinntearḋa le ċéile, deaġ‐ċroiḋeaċ, ag maiṫeaṁ d’á ċéile, fá mar tá maiṫte ag Dia i gCríost daoiḃ‐se.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Biġiḋ soċroiḋṫeaċ, trócaireaċ ḋá ċéile, ag taḃairt maiṫeaṁnuis uáiḃ, aṁuil tug Día mar an gcéudna maiṫeaṁnus dáoiḃse a Gcríosd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 4:32
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus maiṫ ḋúinn ár ḃfiaċa, mar do ṁaiṫeamair‐ne d’ár ḃféiċeaṁnaiḃ féin;


Agus nuair ḃíos siḃ i n‐ḃúr seasaṁ ag déanaṁ urnuiġṫe, má ḃíonn niḋ ar biṫ agaiḃ i n‐aġaiḋ aon duine, maiṫiḋ ḋó é; ionnas go maiṫfeaḋ ḃúr n‐Aṫair atá ar neaṁ ḃúr gcionntaí ḋaoiḃ‐se mar an gcéadna.


Tré ṁór‐ṫrócaire ár nDé, Tré n‐a dtiocfaiḋ gealaḋ gréine anuas orainn,


Agus maiṫ ḋúinn ár bpeacaiḋe; mar ṁaiṫimíd‐ne ḋóiḃ‐sean ar a ḃfuil fiaċa againn. Agus na seol i gcaṫú sinn.


Agus má ġní sé peacaḋ seaċt h‐uaire sa lá, agus má ḟilleann sé ċugat seaċt h‐uaire, g‐á ráḋ, Atá aiṫreaċas orm; caiṫfiḋ tú a ṁaiṫeaṁ ḋó.


Aċt taḃraiḋ‐se grád do ḃúr náiṁdiḃ, agus déanaiḋ maiṫ, agus taḃraiḋ iasaċt uaiḃ gan ḃeiṫ ag súil le h‐aiseag; agus béiḋ ḃúr luaiġeaċt an‐ṁór, agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le luċt an díombuiḋeaċais agus le droċ‐ḋaoiniḃ.


Agus ná beiriḋ breiṫ, agus ní béarfar breiṫ oraiḃ: agus ná daoraiḋ, agus ní daorfar siḃ:


Agus do ḃí an luċt áitreaḃṫa an‐ċineálta linn: óir d’ḟaduiġeadar teine, agus do ġlacadar ċuca sinn uile, mar ġeall ar an mbáistiġ do ḃí ann, agus mar ġeall ar an ḃfuaċt.


Le teas‐ġráḋ bráṫarḋa bíoḋ an‐ċion agaiḃ ar a ċéile; gaċ duine agaiḃ ag géilleaḋ d’á ċéile i gcúrsaiḃ onóra;


Atá an gráḋ foiġdeaċ, deaġċroiḋṫeaċ; ní ġlacann sé formad; ní ḋéanann an gráḋ maoiḋṁeaċas ná baoṫġlór;


Cibé duine go dtugann siḃ maiṫeaṁnas dó, do‐ḃeirim‐se maiṫeaṁnas dó, leis, mar, má tá rud ar biṫ maiṫte agam, is ar ḃur son‐sa atá sé maiṫte agam i láṫair Ċríost;


ionnas ’n‐a ionad sin, gur ṁó ba ċóir daoiḃ maiṫeaṁnas agus sólás do ṫaḃairt dó, ar eagla go sloigfiḋe an té úd le h‐iomarca doilġis.


i ngeanṁaiḋeaċt, i n‐eolas, i ḃfad‐ḟulang, i gcáirdeaṁlaċt, san Spiorad Naoṁ,


D’á ḃriġ sin déanaiḋ‐se aiṫris ar Ḋia, mar ḋéanfaḋ a ċlann ionṁain féin;


Féaċ, measaimíd gur ab aoiḃinn do na daoiniḃ d’ḟulaing go foiġdeaċ. Do ċualaḃar i dtaoḃ foiḋne lóib, agus do ċonnacaḃar an ċríoċ do ċuir an Tiġearna air; óir atá an Tiġearna lán de ṫruaiġ agus de ṫrócaire.


agus diaḋaċt le foiḋne; agus gráḋ bráṫarḋa le diaḋaċt; agus caon‐ċarṫannaċt le gráḋ bráṫarḋa.


Má adṁuiġmíd ár bpeacaiḋe, atá seisean ċóṁ dílis, ċóṁ ceart sin agus go maiṫfiḋ sé ár bpeacaiḋe ḋúinn, agus go nglanfaiḋ sé ó gaċ neaṁ‐fíréantaċt sinn.


Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a ċlann ḃeag, de ḃriġ go ḃfuil ḃur bpeacaiḋe maiṫte ḋaoiḃ ar son a ainme‐sean.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ