Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 4:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Curtar uaiḃ gaċ seirḃe, agus aingiḋeaċt, agus fearg, agus caismirt, agus iṫiomráḋ, agus an uile ṡaġas droċ‐rúin:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Bíoḋ gaċ uile ṡearḃus, agus gaċ aingiḋeaċd, agus gaċ fearg, agus gaċ gárrṫa, agus gaċ iṫiomraḋ, ar ná ṫogḃáil uáiḃ, maille ris a nuile olc:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 4:31
62 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí corruiġe mór ar fud na caṫraċ, agus do ḃí na daoine ag riṫ i n‐éinḟeaċt le ċéile, agus rugadar ar Ṗól, agus do ṫarraing siad amaċ as an teampall é: agus ar ball do dúnaḋ na dóirse.


Atá a mbéal lán d’eascainiḋe agus de ṡearḃas:


A bráiṫre, ná biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ do réir tuigseana: aċt i dtaoḃ mailíse biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ, aċt i dtaoḃ tuigseana cinn, biḋiḋ ’n‐ḃur ndaoiniḃ fásta.


Sollaṁnuiġmís an ḟéile, mar sin, ní h‐é le sean‐laiḃín, ná le laiḃín na mailíse agus na cuirpṫeaċta, aċt le h‐arán gan laiḃín, arán an ionnracais agus na fírinne.


Óir is eagal liom, nuair ṫiocfad, naċ ḃfaiġead siḃ ḃeiṫ mar ba ṁian liom, agus go ḃfaiġeaḋ siḃ mise gan ḃeiṫ mar nár ṁian liḃ; ar eagla, b’ḟéidir, go mbéaḋ aċrann, formad, fearg, deaġailt, cúl‐ċainnt, bíodán, éirġe‐i‐n‐áirde, círéiḃ;


íoḋal‐aḋraḋ, piseogaċt, náiṁdeaċas, imreas, éada, fearg, clampar, easaontaċt, aicmí, formad,


Maidir le n‐ḃur saoġal roiṁe seo, cuiriḋ ḋíḃ an seanduine atá d’á ṫruailliú ag ainṁiantaiḃ na ceilge,


Uime sin, ag diúltaḋ do’n ḃréagaireaċt, laḃraḋ gaċ duine agaiḃ an ḟírinne le n‐a ċóṁarsain: óir is baill d’á ċéile sinn;


Má ḃíonn fearg oraiḃ, ná déanaiḋ peacaḋ; ná maireaḋ ḃur ḃfearg go luiġe gréine;


A ḟeara, taḃraiḋ gráḋ do ḃur mnáiḃ, agus ná biḋiḋ searḃ ’n‐a n‐aġaiḋ.


Aċt anois cuiriḋ uaiḃ na neiṫe seo go léir, leis; fearg, buirbe, droċ‐rún, bíodán, droċ‐ċainnt as ḃur mbéal.


Agus ar an gcuma ċéadna, ní foláir do na mnáiḃ ḃeiṫ stuamḋa, gan ḃeiṫ bíodánaċ, aċt ḃeiṫ macánta, dílis san uile niḋ.


gan ḃeiṫ tugṫa do’n ḟíon, gan ḃeiṫ bruiġeantaċ;


Ṫairis sin, ag éirġe díoṁaoin dóiḃ, bíonn siad ag dul ó ṫiġ go tiġ; agus ní h‐é díoṁaoin aṁáin, aċt bíonn siad cainnteaċ, fíosruiġṫeaċ, ag cur síos ar neiṫiḃ naċ ceart dóiḃ laḃairt ’n‐a dtaoḃ.


Aċt diúltaiġ do ċeisteannaiḃ diṫ‐céilliḋe, diṫ‐léiġeanta, agus a ḟios agat go mbrostuiġeann siad bruiġean.


cruaḋ‐ċroiḋeaċ, bíodánaċ, do‐smaċtuiġṫe, fíoċṁar, gan gráḋ do’n ṁaiṫ;


Óir ní foláir do’n easboc ḃeiṫ gan loċt, mar ba ċóir do ṁaor Dé; gan ḃeiṫ ceanndána, gan ḃeiṫ feargaċ, gan ḃeiṫ tugṫa do’n ól, gan ḃeiṫ buailteaċ, ná sanntaċ i n‐airgead neaṁ‐ġlan;


go mba ceart do na mnáiḃ aosta, leis, ḃeiṫ urramaċ ’n‐a n‐iomċar, gan ḃeiṫ bíodánaċ, gan an‐dúil ḃeiṫ aca san ḃfíon, ḃeiṫ ag taḃairt teagaisc ṁaiṫ;


Is eol daoiḃ an méid sin, a ḃráiṫre ionṁaine, aċt bíoḋ gaċ duine luaṫ ċum éisteaċta, mall ċum laḃarṫa, mall ċum feirge.


Aċt má ḃíonn searḃ‐éada agus mian aiġnis ’n‐ḃur gcroiḋe, ná biḋiḋ ag maoiḋeaṁ as, agus ná biḋiḋ ag laḃairt bréige i n‐aġaiḋ na fírinne.


Ná cáiniḋ a ċéile, a ḃráiṫre. An té ċáineas a ḃráṫair, nó do‐ḃeir breiṫ ar a ḃráṫair, cáineann sé an dliġe agus do‐ḃeir sé breiṫ ar an dliġe: aċt má ḃeireann tú breiṫ ar an dliġe, ní duine uṁluiġeas do’n dliġe ṫú, aċt is breiṫeaṁ ṫú.


Cuiriḋ ḋíḃ, d’á ḃriġ sin, gaċ droċ‐rún, agus calaois,


ní ar nós Ċáin é, duine de ċlainn na h‐ainspioraide do ṁarḃ a ḋearḃráṫair. Agus cad ċuige ar ṁarḃ sé é? Toisc a oibreaċa féin ḃeiṫ go h‐olc, agus oibreaċa a ḋearḃráṫar ḃeiṫ fíréanta.


Cibé duine go ḃfuil fuaṫ aige d’á ḃráṫair is dún‐ṁarḃṫóir é: agus atá a ḟios agaiḃ naċ gcóṁnuiġeann an ḃeaṫa ṁarṫannaċ i n‐aon dún‐ṁarḃṫóir.


Agus do ċualas glór árd ar neaṁ, g‐á ráḋ, Anois atá slánuġaḋ, agus cuṁaċt, agus ríoġaċt ár nDé, agus cuṁaċt a Ċríost tagṫa: óir atá éiliġṫeoir ár mbráṫar teilgṫe síos, an té do ḃí g‐á n‐éiliú i ḃfiaḋnaise ár nDé de ló agus d’oiḋċe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ