27 agus ná taḃraiḋ sliġe do’n diaḃal. An té do rinne goid,
27 Agus ná tuguiḋ áit do diáḃal.
Aċt aduḃairt Peadar, A Ananiais, cad ċuige ar líon Sátan do ċroiḋe, go n‐innseoċá bréag do’n Spiorad Naoṁ, agus cuid de luaċ na talṁan do ċongḃáil?
Ná h‐agraiḋ díoġaltas, a ċáirde ionṁaine, aċt leigiḋ d’ḟeirg Dé: óir, atá scríoḃṫa, Is liom‐sa an díoġaltas; is mise ċúiteoċas, adeir an Tiġearna.
Cuiriḋ umaiḃ arm agus éideaḋ Dé go h‐iomlán, ċum go mbéiḋ ar ċumas daoiḃ seasaṁ i n‐aġaiḋ mealltaċta an diaḃail.
ṫar gaċ rud eile glacaiḋ sciaṫ an ċreidiṁ le n‐a ḃféadfaiḋ siḃ gaṫanna loiscneaċa uile an ainspioraid do ṁúċaḋ.
Uṁluiġiḋ do Ḋia, d’á ḃriġ sin; aċt cuiriḋ i n‐aġaiḋ an diaḃail, agus teiċfiḋ sé uaiḃ.
Biḋiḋ stuamḋa, biḋiḋ ar ḃur n‐aire; bíonn ḃur n‐áiḋḃeirseoir, an diaḃal, ag siuḃal ṫart timċeall mar leoṁan búirfeaḋaċ ar ṫóir an té ḟéadas sé a ṡlugaḋ.