20 Aċt ní mar sin d’ḟoġlaim siḃ‐se Críost;
20 Aċd ní mar sin fúaraḃairse foġluim Ċríosd;
Tógaiḋ mo ċuing‐se oraiḃ, agus foġlaimiḋ uaim, óir atáim ceannsa agus uṁal im’ ċroiḋe: agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ faoiseaṁ d’ḃúr n‐anmannaiḃ.
agus go ḃfógróċaiḋe ’n‐a ainm aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋ do na ciniḋeaċaiḃ uile, ag tosnú ó Iarúsalem.
Atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ, Agus béiḋ siad uile d’á dteagasc ag Dia. Gaċ duine d’éist leis an Aṫair, agus d’ḟoġlaim, tagann sé ċugam‐sa.
má’s fíor go gcualaḃar é, agus go ḃfuaraḃar teagasc ann, do réir mar tá an ḟírinne i nÍosa.
Aċt maidir liḃ féin, an t‐ungaḋ fuaraḃar uaiḋ‐sean, cóṁnuiġeann sé ionnaiḃ, agus ní gáḃaḋ go múinfeaḋ aoinneaċ siḃ; aċt fá mar ṁúineann a ungaḋ siḃ i dtaoḃ an uile niḋ, agus gur fírinne é, agus naċ bréag é; agus fá mar ṁúin sé siḃ, cóṁnuiġiḋ ann.