Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 4:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Is é adeirim d’á ḃriġ sin, agus ḟógraim daoiḃ san Tiġearna, gan siuḃal feasta ar nós na gCineaḋaċ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Uime sin a deirim so, agus tógḃuim an Tíġearna dfíaḋnuise air, gan siḃse do ṡiúḃal feasda, mar ṡiúḃluid na Cineaḋaċda eíle, a ndioṁáoineas a ninntinne,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 4:17
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

go dtiuḃraḋ sé foláireaṁ ḋóiḃ, ar eagla go dtiocfaidís san áit seo na péine.


ag liúġaḋ agus g‐á ráḋ, A ḋaoine, créad do b’áil liḃ a leiṫéid sin do ḋéanaṁ? Daoine go ḃfuil an nádúir ċéadna againn agus atá agaiḃ féin, is eaḋ sinne, agus atáimíd ag taḃairt deaġ‐scéala ḋaoiḃ, go gcaiṫfiḋ siḃ iompóḋ ó na neiṫiḃ baoṫa sin ċum Dé ḃí, do ċruṫuiġ neaṁ, agus talaṁ, agus muir, agus a ḃfuil ionnta:


Aċt nuair ṫáinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do laḃair Pól an briaṫar le lán‐dúṫraċt, g‐á ḋearḃú do na h‐Iúdaċaiḃ gur ab é Íosa an Críost.


Agus do ḃrostuiġ agus do spreag sé iad le n‐a lán briaṫar eile, g‐á ráḋ, Coiṁéadaiḋ siḃ siḃ féin saor ó’n droċ‐ġeinealaċ so.


ag brostú na nIúdaċ agus na nGréagaċ ċum aiṫriġe ċum Dé, agus ċum creidiṁ ’n‐ár dTiġearna Íosa Críost.


ar ṁoḋ go ḃfuilid gan leiṫscéal: de ḃriġ, nuair ḃí eolas aca ar Ḋia, naċ dtugadar glóir dó mar Ḋia, ná naċ dtugadar buiḋeaċas dó; act gur éiriġeadar baoṫ n‐a smaointiḃ; agus gur dorċuiġeaḋ a gcroiḋeaċa diṫ‐céilliḋe.


Is é seo adeirim, go n‐abrann gaċ duine agaiḃ, Is le Pól mise; nó, is le h‐Apollos mise; nó is le Céfas mise; nó, is le Críost mise.


Is é rud adeirim, a ḃráiṫre, naċ ḃféadann feoil agus fuil oiḋreaċt ríoġaċta Dé d’ḟáġáil; agus naċ mbíonn an truailleaċt ’n‐a h‐oiḋre ar an neaṁṫruailleaċt.


Agus cuiṁniġiḋ air seo, An té ċuireas go gann, is gann ḃainfeas sé; agus an té ċuireas go fial, is fial ḃainfeas sé.


Adeirim anois, Tiomna do ḃí dearḃuiġṫe roiṁ ré ag Dia, an dliġe ṫáinig ceiṫre céad agus deiċ mbliaḋna fiċead ’n‐a ḋiaiḋ sin, naċ gcuireann sé ar gcúl é, ċum an ġeallaṁain do ċur ar neaṁ‐niḋ.


Dearḃuiġim arís do gaċ duine timċeall‐ġearrṫar, go ḃfuil sé d’ḟiaċaiḃ air an dliġe ar fad do ċóiṁlíonaḋ.


aċt san tsaoġal atá le teaċt: agus do ċuir sé gaċ uile niḋ fá n‐a ċosaiḃ, agus ṫug sé ḋó ḃeiṫ mar ċeann ṫar cáċ ar an eaglais,


Maidir le n‐ḃur saoġal roiṁe seo, cuiriḋ ḋíḃ an seanduine atá d’á ṫruailliú ag ainṁiantaiḃ na ceilge,


Ná leigiḋ d’aon duine ḃur luaiġeaċt do ṁeallaḋ uaiḃ, g‐á ṡásaṁ féin fá scáṫ uṁlaċta ḋá deoin féin agus le h‐aḋraḋ do ṫaḃairt d’aingliḃ, ag seasaṁ ar a ḃfaca se, agus é d’á ṫeannaḋ le h‐uaḃar ag a céadfaiḋiḃ colnaiḋe féin,


Adeirim an méid seo ar eagla go meallfaḋ aoinneaċ le clisteaċt cainnte siḃ.


gan a ḃráṫair do ṁeallaḋ nó do ṡárú san gcás so: óir agrann an Tiġearna díoġaltas i ngaċ cás d’á leiṫéidiḃ sin, do réir mar ṫugamar raḃaḋ agus fógra ’n‐a dtaoḃ ḋaoiḃ ċeana.


Cuirim mar aṫċuinġe ort i ḃfiaḋnaise Dé, agus Íosa Críost, agus na n‐aingeal toġṫa, na neiṫe seo do ḋéanaṁ gan claoin‐ḃreiṫ, gan faḃar.


Órduiġim duit i ḃfiaḋnaise Dé, do‐ḃeir beaṫa do’n uile niḋ, agus i ḃfiaḋnaise Íosa Críost do rinne adṁáil ṁaiṫ i láṫair Ṗoint Ṗíoláid,


Cuirim d’aṫċuinġe ort i ḃfiaḋnaise Dé agus i ḃfiaḋnaise Íosa Críost, ḃéarfas breiṫ ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ, agus i n‐ainm a ṫaisbeánta agus a ríoġaċta;


agus a ḟios agaiḃ naċ le neiṫiḃ so‐ṫruailliġṫe, le h‐airgead nó le h‐ór, do fuasclaḋ siḃ ó na baoiṫ‐ċleaċtaiḃ saoġalta ṫáinig i n‐oiḋreaċt ó n’ ḃur sinnsearaiḃ ċugaiḃ;


Óir, ag laḃairt do mórḋálaċ as baoṫ‐ċainnt dóiḃ, bréagaid le h‐ainṁiantaiḃ na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalóḋ ó’n dream atá ag siuḃal ar mearḃall:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ