Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 4:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 nó go dtagaimís uile ċum aondaċta an ċreidiṁ agus ċum lán‐eolais ar Ṁac Dé, ċum staide duine lán‐ḟásta,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Go teaċd dúinn uilea náonḋaċd an ċreidiṁ, agus eólais Ṁic Dé, mar ḋuine iomlán, agus do réir ṁiosúir áoise iomláine Ċríosd:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 4:13
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ḋaṁ‐sa ag m’Aṫair: agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Mac, aċt ag an Aṫair; agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Aṫair aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a ḟoillsiú ḋó.


Óir is as a líonṁaire do ġlacamar uile, agus grás ar ġrás.


Agus do‐ġéanaid an méid sin, de ċionn naċ aiṫnid dóiḃ an t‐Aṫair ná mise.


fá mar atáir‐se, a Aṫair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéaḋ siad‐san ionainn, ċóṁ maiṫ: ċum go gcreidfeaḋ an saoġal gur ċuiris uait mé.


Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


Agus creidimíd‐ne, agus atá a ḟios againn gur tusa Aon Naoṁṫa Dé.


Agus ní raiḃ aċt aon ċroiḋe agus aon aigne aṁáin aca‐san do ċreid: agus ní raiḃ duine aca aduḃairt gur leis féin aon niḋ d’á raiḃ ’n‐a ṡeilḃ; aċt do ḃí gaċ niḋ go coitċeann aca.


Anois, a ḃráiṫre, aṫċuiniġim oraiḃ, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, ḃeiṫ ar aon ḟocal eadraiḃ uile, gan deaġailt ḃeiṫ eadraiḃ; aċt siḃ ḃeiṫ i gcóṁaontaċas le ċéile, ar aon intinn agus ar aon ċéill.


A bráiṫre, ná biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ do réir tuigseana: aċt i dtaoḃ mailíse biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ, aċt i dtaoḃ tuigseana cinn, biḋiḋ ’n‐ḃur ndaoiniḃ fásta.


Aċt ċeana laḃraimíd eagnaiḋeaċt i measc na ndaoine n‐eolgaċ: ní h‐í eagnaiḋeaċt an tsaoġail seo í, ná eagnaiḋeaċt luċt ceannais an tsaoġail seo atá ag dul ar neaṁniḋ:


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


A ċlann ḃeag, go ḃfuilim i dtinneas clainne arís ’n‐ḃur dtaoḃ nó go ngeintear Críost ionnaiḃ,


ċum go dtugaiḋ Dia ár dTiġearna Íosa Críost, Aṫair na glóire, spiorad eagna agus taisbeánta ḋaoiḃ i n‐eolas air:


gur ab í a ċorp í, iomláine an te líonas an t‐iomlán ar fad.


tar a éis dó an náiṁdeaċas do ċur ar ceal tré n‐a ḟeoil, is é sin dliġe na h‐aiṫeanta i reaċtaiḃ; ċum aon duine nua aṁáin do ḋéanaṁ de’n dís,


ċum na naoiṁ d’ḟoirḃiú, le h‐aġaiḋ gnó na miniostrálaċta, ċum corp Ċríost do ċóiṁ‐ġreamú le ċéile:


ag déanaṁ ḃur ndíċill ċum aondaċt an Spioraid do ċoiṁeád i gcuing na síoṫċána.


aon Tiġearna aṁáin, aon ċreideaṁ aṁáin, aon ḃaisteaḋ aṁáin,


ċum go ḃfaiġead eolas air, agus ar ċuṁaċt a aiséiriġṫe, agus ar rannṗáirteaċt ’n‐ar ḟulaing sé, dom’ ċur i gcosaṁlaċt leis ’n‐a ḃás;


Go fírinneaċ measaim gur cailleaṁain gaċ uile niḋ ar aon eolais ṡár‐luaċṁair Íosa Críost mo Ṫiġearna: gur ḟulaingeas díṫ gaċ uile niḋ ar a ṡon, agus ní ḟuil de ṁeas agam orṫa aċt mar ḃéaḋ agam ar aoileaċ, ċum go ngnóṫóċainn Críost,


Is eisean ḟoillsiġmíd, ag spreagaḋ gaċ uile ḋuine, ċum gaċ uile ḋuine do ṫaḃairt iomlán i gCríost.


ċum go neartóċar a gcroiḋeaċa, ċum go ndlúṫóċar iad le ċéile i ngráḋ, agus go mbéiḋ gaċ saiḋḃreas aca maidir le lán‐dearḃṫaċt tuigseana, ċum go ḃfaiġiḋ siad eolas ar rúindiaṁair Dé, is é sin Críost,


Aċt is le h‐aġaiḋ daoine fásta atá an biaḋ tacaṁail, le h‐aġaiḋ na ndaoine a mbíonn sé de ċleaċtaḋ ag a gcéadfaiḋiḃ corparḋa an ṁaiṫ d’aiṫint ṫar an olc.


tré n‐ar ḃronn sé orainn geallaṁnaċa an‐ṁóra, sár‐luaċṁara; ċum go mbéaḋ siḃ rannṗáirteaċ san nádúir ḋiaḋa d’á mbárr, tar a éis daoiḃ teaċt saor ó’n truailliú atá san tsaoġal tré ainṁiantaiḃ.


Aċt biḋiḋ ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ġlóir anois agus go síorraiḋe. Amén.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ