Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 3:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Dáṁ‐sa, atá níos luġa ’ná an té is luġa de na naoṁaiḃ go léir, tugaḋ an grása so, ċum saiḋḃreas do‐ċuarduiġṫe Ċríost do ṡeanmorú do na Cineaḋaċaiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Ḋúṁsa, is lúġ na an tí as lúġa do na huile náoṁuiḃ, do tugaḋ an grás so, eaḋon saiḋḃreas dóċúartuigṫe Ċríosd do ṡoisgéuluġaḋ a measg na Gcineaḋaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 3:8
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aduḃairt an seirḃíseaċ, A ṫiġearna, atá gaċ niḋ déanta de réir mar d’órduiġis, agus atá sliġe fágṫa fós.


Óir is as a líonṁaire do ġlacamar uile, agus grás ar ġrás.


Agus d’imṫiġeadar‐san as láṫair na h‐árd‐ċóṁairle, agus aṫás mór orṫa de ċionn gur measaḋ gurḃ ḟiú iad easonóir d’ḟulang ar son an Ainme.


Aċt aduḃairt an Tiġearna leis, Imṫiġ leat: óir is soiṫeaċ toġṫa agam‐sa é, ċum m’ainm do ḃreiṫ i láṫair na nGeinte agus na ríoġ, agus do ċlainn Israel:


Ó naċ doiṁin é saiḋḃreas eagna agus eolais Dé! naċ do‐rannsuiġṫe iad a ḃreiṫeaṁnaċais, naċ do‐lorgṫa iad a ṡliġṫe!


Le teas‐ġráḋ bráṫarḋa bíoḋ an‐ċion agaiḃ ar a ċéile; gaċ duine agaiḃ ag géilleaḋ d’á ċéile i gcúrsaiḃ onóra;


Nó an beag is fiú leat saiḋḃreas a ṁór‐ṁaiṫeasa agus a ḟad‐ḟulaing agus a ḟoiġde, gan a ḟios agat gur ab é maiṫeas Dé atá gad’ ṫarraing ċum aiṫreaċais?


Óir is tríd‐sean atá siḃ i nÍosa Críost, an té do‐rinneaḋ eagna ó Ḋia ḋúinn mar ḟíréantaċt, agus mar naoṁṫaċt, agus mar ḟuascailt:


Óir is mise an té is luġa de na h‐abstalaiḃ, naċ fiú mé ainm abstail do ṫaḃairt orm, de ḃriġ go ndearnas géirleanṁain ar eaglais Dé.


aċt mar atá scríoḃṫa, Ní ḟaca súil, agus ní ċuala cluas, Ní ṫáinig isteaċ i gcroiḋe an duine, Na neiṫe do ċuir Dia i n‐áiriṫe do na daoiniḃ go ḃfuil gráḋ aca ḋó.


ċum a Ṁac d’ḟoillsiú ionnam, ċum go ḃfógróċainn i measc na gCineaḋaċ é; ar an láṫair sin ní ḋeaċas i gcóṁairle feola agus fola:


(óir an té do rinne abstal an timċeall‐ġearrṫa de Ṗeadar, ṫug sé cuṁaċt daṁ‐sa, ċóṁ maiṫ, ḃeiṫ im’ abstal ċum na gCineaḋaċ);


ċum go dtaisbeánfaḋ sé ins na h‐aoisiḃ do ḃí le teaċt an‐ċuimse saiḋḃris a ġrása tré n‐a ṁaiṫeas ’n‐ár dtaoḃ i nÍosa Críost:


Ar an aḋḃar sin, mise Pól, príosúnaċ Íosa Críost ar ḃur son‐sa,


ċum go dtiuḃraiḋ sé ḋaoiḃ do réir saiḋḃris a ġlóire, ḃeiṫ neartuiġṫe go bríoġṁar tríd a Spiorad san anam istiġ;


agus a ḟaide, agus a ḋoiṁneaċt, agus gráḋ Ċríost, ṡáruiġeas gaċ eolas, d’aiṫint, ċum go líonfar le lán‐líonṁaireaċt Dé siḃ.


Cineaḋaċa — má’s fíor go gcualaḃar cionnas mar cuireaḋ de ḋualgas orm grása Dé do ḋáileaḋ oraiḃ;


gan éinniḋ do ḋéanaṁ tré ṁian conspóide nó baoṫġlóire, aċt le h‐uṁlaċt aigne measaḋ gaċ aoinneaċ gur fearr an duine eile ’ná é féin.


Agus soláṫróċaiḋ Dia gaċ a ḃfuil i n‐easnaṁ oraiḃ do réir a raċmais i nÍosa Críost.


d’ár ṫoiliġ Dia a ċur i ḃfios créad é saiḋḃreas glóire na rúindiaṁaire seo i measc na gCineaḋaċ, is é sin Críost ionnaiḃ, an dóċas ċum glóire.


giḋ go raḃas roiṁe sin im’ ḋia‐ṁasluiġṫeoir, agus im’ inġreimṫeaċ, agus im’ scriosaire; aċt fuaras trócaire, toisc gur tré ainḃfios agus tré ṁí‐ċreideaṁ do rinneas é,


Is inċreidṫe an focal é, agus is fiú glacaḋ ar fad leis, go dtáinig Íosa Críost isteaċ san tsaoġal ċum peacaiġ do ṡlánú; agus is mise an té is measa ḋíoḃ.


Ċuige sin is eaḋ do h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe agus im abstal (is í an ḟírinne atá agam d’á ráḋ, ní bréag í), im’ ṫeagascṫóir ċum an creideaṁ agus an ḟírinne do ṁúineaḋ do na Cineaḋaċaiḃ.


ċum ar h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe, agus im’ abstal, agus im’ ṫeagascṫóir de.


cóṁairliġim duit ór do h‐aṫ‐ḃruiṫneaḋ i dteiniḋ do ċeannaċ uaim‐se, ċum go mbéiḋ tú saiḋḃir, agus éadaiġe geala ċum clúdaċ do ċur ort féin, ċum naċ ḃfeicfear náire do lomnoċtaċta; agus ungaḋ le cuimilt ar do ṡúiliḃ, ċum go ḃfeiciḋ tú.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ