Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 3:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 do réir bronntanais grása Dé tugaḋ ḋom tré ḃriġ a ċuṁaċta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Ar a ndearnaḋ minisdir ḋíomsa, do réir ṫioḋluice ġrás Dé tugaḋ ḋaṁ maille ré hoibriuġaḋ bríoġṁar a ċúṁaċdsan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 3:7
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt aduḃairt an Tiġearna leis, Imṫiġ leat: óir is soiṫeaċ toġṫa agam‐sa é, ċum m’ainm do ḃreiṫ i láṫair na nGeinte agus na ríoġ, agus do ċlainn Israel:


tré n‐a ḃfuaramair‐ne grása agus abstalaċt, ċum na Cineaḋaċa uile do ṫaḃairt ċum uṁlaċta do’n ċreideaṁ,


Óir adeirim, ṫríd an ngrása tugaḋ ḋom, le gaċ duine ’n‐ḃur measc, gan meas níos áirde ’ná ba ċóir do ḃeiṫ aige air féin, aċt maċtnaṁ stuamḋa do déanaṁ, do réir mar roinn Dia ar gaċ duine a ṁiosúr féin de ċreideaṁ.


an grás ó Ḋia tugaḋ ḋom, go mbéinn im’ ṁinistir ag Íosa Críost ċum na gCineaḋaċ, ag miniostrálaċt soiscéil Dé, ċum go mbéaḋ na Cineaḋaiġ ’n‐a n‐íoḋbairt ṫaiṫneaṁaiġ, agus naoṁuiġṫe ṫríd an Spiorad Naoṁ.


Aċt is tré ġrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnaḋ orm, ní fríṫ gan éifeaċt é; aċt is mó an saoṫar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: giḋ naċ mise do‐rinne, aċt grása Dé do ḃí liom.


Cia h‐é Apollos mar sin? Cia h‐é Pól? Seirḃísiġ tré n‐ar ċreideaḃar; gaċ duine aca do réir mar ṫug Dia ḋó é.


is é ṫug éifeaċt dúinn, leis, ċum ḃeiṫ ’n‐ár seirḃíseaċaiḃ do ṫiomna nua; ní h‐é do réir na litre, aċt do réir an spioraid; óir marḃann an litir, aċt do‐ḃeir an spiorad beaṫa.


Ar an aḋḃar sin, ó ṫárla an ṁiniostrálaċt so ḃeiṫ againn, do réir mar fuaramar trócaire, ní ċailleann ar ár meisneaċ:


(óir an té do rinne abstal an timċeall‐ġearrṫa de Ṗeadar, ṫug sé cuṁaċt daṁ‐sa, ċóṁ maiṫ, ḃeiṫ im’ abstal ċum na gCineaḋaċ);


agus cad é móir‐ṁéid a ċuṁaċta ’n‐ár dtaoḃ‐na ċreideas, do réir mar oibriġeas briġ ṁór a ċumais, d’oibriġ sé i gCríost,


Cineaḋaċa — má’s fíor go gcualaḃar cionnas mar cuireaḋ de ḋualgas orm grása Dé do ḋáileaḋ oraiḃ;


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó i ḃfad níos mó do ḋéanaṁ ’ná ṫig linn a iarraiḋ nó a ṡaṁlú, do réir na cuṁaċta atá ag oibriú ionainn,


Dáṁ‐sa, atá níos luġa ’ná an té is luġa de na naoṁaiḃ go léir, tugaḋ an grása so, ċum saiḋḃreas do‐ċuarduiġṫe Ċríost do ṡeanmorú do na Cineaḋaċaiḃ;


Uaiḋ‐sean is eaḋ do‐ġeiḃ an corp uile, ar mbeiṫ ḋó cóiṁ‐ḋeangailte, cóṁ‐ḋlúṫuiġṫe le ċéile de ḃárr a dtugann gaċ alt dó, do réir éifeaċta gaċ baill ar leiṫ, do‐ġeiḃ sé fás ċum a leasa i ngráḋ.


Ċuige sin is eaḋ atáim ag obair ar mo ḋíċeall, ag spairn do réir a ċumair oibriġeas go cuṁaċtaċ ionnam.


Ar an aḋḃar sin do‐ḃeirimíd buiḋeaċas gan stad do Ḋia, de ḃriġ, nuair ġlacaḃar briaṫar teaċtaireaċta Dé uainn, gur ġlacaḃar é, ní mar ḃriaṫar daoine, aċt (mar is é go fírinneaċ) mar ḃriaṫar Dé oibriġeas ionnaiḃ‐se ċreideas.


go ḃfoirḃiḋ sé ins gaċ deaġ‐ġníoṁ siḃ, ċum a ṫoil do ḋéanaṁ, ag oibriú ionnainn a ḃfuil taiṫneaṁaċ ’n‐a ḟiaḋnaise, tré Íosa Críost; dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal. Amen.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ