Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 3:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 nár foillsiġeaḋ do ċlannaiḃ daonna ins na h‐aoisiḃ eile, fá mar tá sé foillsiġṫe anois d’á naoṁ‐abstalaiḃ agus d’á naoṁ‐ḟáiḋiḃ tríd an Spiorad:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Noċ sna haimsearruiḃ eile nár foillsiġeaḋ do ċlannuiḃ na ndáoine, do réir mar atá sé a nois ar na ḟoillsiuġaḋ dá absdaluiḃ náomṫa agus da ḟáiḋiḃ trés an Spioruid;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 3:5
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir adeirim liḃ go fírinneaċ, gurḃ iomḋa fáiḋ agus fíréanaċ gur ṁian leo na neiṫe do‐ċí siḃ‐se d’ḟeicsin, agus naċ ḃfacadar iad; agus na neiṫe do‐ċluin siḃ‐se do ċluinsin, agus naċ gcualadar iad.


Aduḃradar‐san leis, De ċionn nár ċuir aon duine ar aimsir sinn. Aduḃairt seisean leo, Téiḋiḋ‐se, leis, isteaċ sa ḃfíonġort.


D’á ḃriġ sin, féaċ, ċuirim‐se ċugaiḃ fáiḋe, agus eagnaiḋṫe, agus scríoḃaiḋṫe: marbóċaiḋ siḃ cuid aca, agus céasfaiḋ siḃ cuid aca; agus sciúrsálfaiḋ siḃ cuid aca ’n‐ḃúr sionagógaiḃ, agus ruaigfiḋ siḃ ó ċaṫair go caṫair iad:


óir adeirim liḃ gurab iomḋa fáiḋ agus rí le n‐ar mian na neiṫe do‐ċí siḃ‐se d’ḟeicsin, agus naċ ḃfacadar iad; agus na neiṫe do‐ċluin siḃ‐se do ċlos, agus naċ gcualadar iad.


Ar an aḋḃar sin aduḃairt eagna Dé, Cuirfead fáiḋe agus abstail ċuca; agus marḃócaid cuid aca, agus do‐ġéanaid géirleanaṁain orṫa;


Aċt an Sólásaiḋe, an Spiorad Naoṁ, ċuirfeas an t‐Aṫair uaiḋ im’ ainm‐se, múinfiḋ seisean gaċ uile niḋ ḋaoiḃ, agus cuirfiḋ sé i gcuiṁne ḋaoiḃ gaċ a nduḃras liḃ.


nuair ṫiocfas an Spiorad úd na fírinne, treoróċaiḋ sé ċum na fírinne uile siḃ: óir ní h‐uaiḋ féin laḃras sé; aċt laḃarfaiḋ sé gaċ a gcluineann sé: agus noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ na neiṫe atá le teaċt.


agus aduḃairt sé leo, Atá a ḟios agaiḃ féin naċ dlisteanaċ do’n Iúdaċ baint do ḃeiṫ aige le duine d’aon ċineaḋ eile, ná caidreaṁ do ḋéanaṁ leis; aċt ṫug Dia le tuigsin dom gan coitċeann ná neaṁ‐ġlan do ṫaḃairt ar aon duine:


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ,


Aċt do noċt Dia ḋúinne tríd an Spiorad iad: óir scrúduiġeann an Spiorad an uile niḋ, go fiú neiṫe doiṁne Dé.


atá siḃ tógṫa ar ḃun na n‐abstal agus na ḃfáiḋ gur ab é Críost féin an ṗríoṁ‐ċloċ ċúinne ḋe;


agus a ċur i dtuigsin cionnas mar dáileaḋ an rúindiaṁair do ḃí fá ċeilt leis na ciantaiḃ i nDia do ċruṫuiġ gaċ uile niḋ;


ċum go gcuiṁneoċaiḋ siḃ ar na briaṫraiḃ do laḃair na naoṁ‐ḟáiḋe roiṁ ré, agus ar aiṫne an Tiġearna agus an tSlánuiġṫeora tré n‐ḃur n‐abstalaiḃ:


Aċt, a ċáirde ionṁaine, biḋiḋ‐se ag cuiṁneaṁ ar na briaṫraiḃ do laḃair abstail ár dTiġearna Íosa Críost roiṁe seo;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ