Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 3:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 ċum go ndéanaiḋ Críost cóṁnaiḋe ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ tré ċreideaṁ: ar ṁoḋ, ar mbeiṫ ḋaoiḃ fréaṁuiġṫe agus bunuiġṫe i ngráḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Ionnus go ndéanaḋ Críosd coṁnuiḋe tré ċreideaṁ ann ḃur gcroiḋṫiḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 3:17
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus nuair d’éiriġ an ġrian, do dóiġeaḋ é, agus de ḃriġ naċ raiḃ aon ḟréaṁ aige, d’ḟeoġ sé.


is cosṁail é le fear do ḃí ag tógáil tiġe, agus do ṫoċail go doiṁin síos sa talaṁ, agus do ċuir an bun ar an gcarraig: agus nuair ṫáinig an tuile, do ḃuail an raḃarta i gcoinniḃ an tiġe sin, agus níor ḟéad sé a ċorrú: óir do ḃí sé tógṫa go daingean.


naċ ḃféadann an saoġal a ġlacaḋ; óir ní ḟeiceann ná ní aiṫniġeann sé é: aiṫniġeann siḃ‐se é; óir fanann sé agaiḃ, agus béiḋ se ionnaiḃ.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Má tá gráḋ ag duine ḋom, ċoiṁéadfaiḋ sé mo ḃriaṫar: agus béiḋ gráḋ ag an Aṫair ḋó, agus tiocfaimíd ċuige, agus déanfaimíd cóṁnaiḋe ’n‐a ḟoċair.


mise ionnta‐san, agus tusa ionnam‐sa; ċum go mbéidís ’n‐a n‐aon go h‐iomlán; go mbéaḋ a ḟios ag an saoġal gur ċuiris uait mé, agus go dtugais gráḋ ḋóiḃ‐sean, fá mar ṫugais gráḋ ḋaṁ‐sa.


An té iṫeas m’ḟeoil agus ólas m’ḟuil, cóṁnuiġeann sé ionnamsa, agus cóṁnuiġim‐se ann.


agus ní náiriġeann an dóċas, de ḃriġ go ḃfuil gráḋ Dé doirtiġṫe ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ tríd an Spiorad Naoṁ tugaḋ ḋúinn.


Do ċuireas‐sa an síol, do ċraiṫ Apollos an t‐uisce, aċt is é Dia ṫug an fás.


Anois i dtaoḃ biḋ atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ: atá a ḟios againn go ḃfuil eolas ag gaċ duine againn. Coṫuiġeann eolas uaḃar, aċt is é an gráḋ do‐ḃeir deaġṡampla.


Scrúduiġiḋ siḃ féin, d’ḟéaċain an ḃfuil siḃ san gcreideaṁ; déanaiḋ froṁaḋ oraiḃ féin. Nó naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ féin go ḃfuil Íosa Críost ionnaiḃ? munab aṁlaiḋ gur daoine iondamanta siḃ.


Agus cia an cóiṁċeangal atá idir teampall Dé agus íoḋla? óir is sinne teampall Dé ḃí; mar aduḃairt Dia, Déanfad cóṁnaiḋe ’n‐a measc, agus siuḃalfad ’n‐a measc; béiḋead‐sa im’ Ḋia aca, agus béiḋid‐sean ’n‐a bpobal agam‐sa.


Do céasaḋ mé mar aon le Críost; agus ní mise ṁaireas beo anois, aċt Críost atá beo ionnam: agus an saoġal ċaiṫim san gcorp, is tré ċreideaṁ ċaiṫim é, creideaṁ i Mac Dé, do ġráḋuiġ mé, agus ṫug é féin ar mo ṡon.


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.


d’ár ṫoiliġ Dia a ċur i ḃfios créad é saiḋḃreas glóire na rúindiaṁaire seo i measc na gCineaḋaċ, is é sin Críost ionnaiḃ, an dóċas ċum glóire.


siuḃlaiḋ ann d’á réir, siḃ fréaṁuiġṫe agus daingniġṫe ann, fá mar tugaḋ teagasc daoiḃ, ag dul i méid ann le lán‐ḃuiḋeaċas.


Agus d’aiṫniġeamar an gráḋ atá ag Dia ḋúinn, agus do ċreideamar ann. Is gráḋ é Dia; agus an té ċóṁnuiġeas san ngráḋ, cóṁnuiġeann sé i nDia, agus cóṁnuiġeann Dia ann.


Is ó Ḋia atá siḃ‐se, a ċlann ḃeag, agus atá buaiḋte agaiḃ orṫa‐san: óir is treise an té atá ionnaiḃ‐se ’ná an té atá san tsaoġal.


Féaċ, atáim im’ ṡeasaṁ ag an doras ag bualaḋ: má éisteann aon duine lem’ ġuṫ, agus an doras d’ḟoscailt, tiocfad isteaċ ċuige, agus íosad suipéar i n‐éinḟeaċt leis, agus íosaiḋ seisean i n‐éinḟeaċt liom‐sa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ