agus nuair fuair sé é, ṫug sé leis go h‐Antuaiġ é. Agus ar feaḋ bliaḋna do ġnáṫuiġeadar cóṁluadar na h‐eaglaise, agus ṫugadar teagasc do ṁórán daoine; agus ṫárla gur i nAntuaiġ tugaḋ Críostaiḋṫe ar dtús ar na deisceablaiḃ.
An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad dó‐san cuid de’n ṁanna foluiġṫe, agus do‐ḃéarfad ḋó cloċ ġeal, agus ainm nua scríoḃṫa ar an gcloiċ, naċ ḃfuil eolas air ag aoinneaċ, aċt ag an té ġeiḃeas í.
An té ḃeireas buaiḋ, déanfad colaṁan i dteampall mo Ḋé ḋe, agus ní imṫeoċaiḋ sé amaċ as go deoiḋ: agus scríoḃfad ainm mo Ḋé air, agus ainm caṫraċ mo Ḋé, Iarúsalem nua ṫig anuas as neaṁ óm’ Ḋia, agus m’ainm nua féin.