Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 3:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 ċum go ndéanfaiḋe il‐eolas Dé soiléir tríd an eaglais do na h‐uaċtaránaiḃ agus do na cuṁaċtaiḃ ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Ionnus go ndéantáoi a nois follas trés a neagluis éagna éugsaṁuil Dé dúaċdaránuiḃ agus do ċúṁaċduiḃ ar neaṁ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 3:10
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ó naċ doiṁin é saiḋḃreas eagna agus eolais Dé! naċ do‐rannsuiġṫe iad a ḃreiṫeaṁnaċais, naċ do‐lorgṫa iad a ṡliġṫe!


Óir atáim dearḃṫa naċ ḃféadfaiḋ bás, ná beaṫa, ná aingle, ná cuṁaċta, ná neiṫe atá ann, ná neiṫe atá le teaċt,


aċt ’n‐a ċuṁaċt Dé do na daoiniḃ, idir lúdaċaiḃ agus Ġréagaċaiḃ, fuair an ġairm.


aċt laḃraimíd eagna Dé ’n‐a diaṁar‐rún do ḃí fá ċeilt, d’órduiġ Dia ċum ár nglóire roiṁ ṫosaċ an tsaoġail;


i ḃfad os cionn gaċ tiġearnais, agus uġdaráis agus cuṁaċta, agus os cionn gaċ ainme ainmniġtear, ní h‐é aṁáin san tsaoġal so,


gur ab í a ċorp í, iomláine an te líonas an t‐iomlán ar fad.


Go mbeannuiġtear Dia agus Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, do ḃeannuiġ le gaċ beannaċt spioradálta sinn ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa i gCríost:


do réir saiḋḃris a ġrása, do roinn sé go líonṁar orainn san uile eagna agus tuigsin,


Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, aċt leis na flaiṫeasaiḃ, leis na cuṁaċtaiḃ, le tioránaċaiḃ árd‐réime an doṁain dorċa so, le sluaiġte deaṁnaiḋe an uilc ins na réigiúnaiḃ uaċtaraċta.


óir is ann do cruṫuiġeaḋ gaċ niḋ d’á ḃfuil ar neaṁ agus ar talaṁ, idir neiṫe so‐ḟeicsiona agus neiṫe doḟeicsiona, cia aca riġ‐ċaṫaoireaċa, nó tiġearnaisí, nó flaiṫeasa, nó cuṁaċta iad: is tríd‐sean agus ċuige‐sean do cruṫuiġeaḋ iad go léir;


agus is ann atá gaċ niḋ go h‐iomlán agaiḃ‐se, san té is árd‐ċeann ar gaċ flaiṫeas agus ar gaċ cuṁaċt,


g‐á ṫáirngneáil do’n ċrois; ag cur na ḃflaiṫeas agus na gcuṁaċt de, do rinne sé sompla saoġalta ḋíoḃ, ag buaḋaċtain orṫa d’á bárr.


Agus gan déidearḃaḋ ar biṫ, is doiṁin í rúindiaṁair na diaḋaċta; an Té do foillsiġeaḋ san ḃfeoil, do fíréanuiġeaḋ san Spiorad, go ḃfaca aingle é, do craoḃscaoileaḋ i measc na gCineaḋaċ, gur creideaḋ ann san tsaoġal, gur tógaḋ suas é san nglóir.


Do noċtaḋ ḋóiḃ, naċ dóiḃ féin, aċt daoiḃ‐se do ḃíodar ag dáileaḋ na neiṫe úd atá curṫa i dtuigsin daoiḃ anois aca‐san do ṡeanmóir an soiscéal daoiḃ tríd an Spiorad Naoṁ do cuireaḋ ó neaṁ; neiṫe is mian le h‐aingliḃ a scrúdú.


atá ar ḋeasláiṁ Dé, tar a éis dó dul isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ; na h‐aingle, agus na h‐uġdaráis, agus na cuṁaċta ḃeiṫ curṫa fá n‐a ċeannas.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ