Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 3:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Ar an aḋḃar sin, mise Pól, príosúnaċ Íosa Críost ar ḃur son‐sa,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Ar a naḋḃarsa atáimse Pól, um ḃráiġe Díosa Críosd ar ḃur sonsa a Ċíneaḋaċa,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 3:1
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt roiṁ ṫeaċt do na neiṫiḃ sin uile, do‐ġeobaid greim láiṁe oraiḃ, agus cráḋfaid siḃ, ’g‐ḃúr mbreiṫ i láṫair na sionagóg, agus ċum na bpríosún, ’g‐ḃúr dtarraing i láṫair ríoġ agus i láṫair uaċtarán ar son m’anma‐sa.


Annsin do ḋruid an t‐árdċaiptín i n‐aice leis, agus rug sé air, agus d’órduiġ sé a ċeangail le ḋá ṡlaḃraḋ; agus d’ḟiafruiġ sé cia arḃ é, agus créad do ḃí déanta aige.


Annsin ṫug sé leis é ċum an árd‐ċaiptín, agus aduḃairt sé, Do ġlaoḋ an príosúnaċ Pól ċuige mé, agus d’iarr sé orm an buaċaill seo do ṫaḃairt duit, mar go ḃfuil niḋ aige le ráḋ leat.


Agus aduḃairt Pól, Ba ṁian liom, dá mba é toil Dé é, is cuma cia aca a ḃeag nó a ṁór, ní h‐é tusa aṁáin, aċt gaċ a ḃfuil ag éisteaċt liom indiu, ḃeiṫ ar aon dul liom féin, taoḃ amuiġ de na slaḃraiḃ seo.


Aċt aduḃairt an Tiġearna leis, Imṫiġ leat: óir is soiṫeaċ toġṫa agam‐sa é, ċum m’ainm do ḃreiṫ i láṫair na nGeinte agus na ríoġ, agus do ċlainn Israel:


Agus má’s buaiḋirt dúinn, is ċum ḃur gcóṁḟortaċta agus ḃur slánuiġṫe é; nó má’s cóṁḟorṫaċt dúinn, is ċum ḃur gcóṁḟortaċta é, ag oibriú ionnaiḃ, agus siḃ go foiġdeaċ ag fulang na bpianta céadna ḟulaingmid‐ne:


Anois, aṫċuinġim‐se, Pól, ḃíos úiríseal ’n‐ḃur measc, agus mé ’n‐ḃur láṫair, aċt ḃíos an‐dána ’n‐ḃur dtaoḃ agus mé as láṫair, as uċt caoiṁe agus mánlaċta Ċríost, impiḋim oraiḃ,


An seirḃísiġ Ċríost iad (ag laḃairt mar ḋuine atá as a ċéill atáim), is mó ’ná sin mise; ní ba ḋúṫraċtaiġe i saoṫar, i bpríosúnaiḃ ní ba ṁiniciġe, dom’ sciúirseaḋ as miosúr, i mbaoġal báis go minic.


Aċt im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, má táim ag fógraḋ an timċeall‐ġearrṫa fós, cad ċuige a ḃfuil géirleanaṁain d’á déanaṁ orm fós? Ins an gcás sin atá deireaḋ déanta de ċeap tuisliḋ na croise.


Féaċ, atáim‐se Pól g‐á ráḋ liḃ, má timċeall‐ġearsṫar siḃ, naċ mbéiḋ tairḃe agaiḃ i gCríost.


Agus na daoine is le h‐Íosa Críost, atá an ċolainn le n‐a h‐antoil agus le n‐a miantaiḃ céasta aca.


do réir a raiḃ ceapṫa aige leis na ciantaiḃ i nÍosa Críost ár dTiġearna:


D’á ḃriġ sin iarraim oraiḃ gan dul i laige mar ġeall ar mo ṗiantaiḃ ar ḃur son: is iad ḃur nglóir iad.


Dáṁ‐sa, atá níos luġa ’ná an té is luġa de na naoṁaiḃ go léir, tugaḋ an grása so, ċum saiḋḃreas do‐ċuarduiġṫe Ċríost do ṡeanmorú do na Cineaḋaċaiḃ;


Uime sin, impiḋim‐se, príosúnaċ ar son an Tiġearna, impiḋim oraiḃ ḃur saoġal do riaraḋ mar ba ċóir do ḋaoiniḃ fuair an ġairm fuaraḃair‐se, le gaċ uṁlaċt agus ceannsaċt,


go ḃfuilim im’ ṫaiḋleoir fá ċuiḃreaċaiḃ ar a ṡon: ċum go laḃarfad ’n‐a ṫaoḃ gan scáṫ, mar ba ċeart dom laḃairt.


óir is ceart dom ḃeiṫ ar an intinn sin ’n‐ḃur dtaoḃ uile, de ḃriġ go ḃfuil siḃ im’ ċroiḋe agam, óir im’ ċuiḃreaċaiḃ, agus ag pléiḋe cúise an tsoiscéil dom agus g‐á ḋaingniú, atá siḃ uile rannṗáirteaċ i ngrása liom.


Do‐ġním gáirdeaċas anois i lár mo ḃuaiḋearṫa ar ḃur son, agus líonaim suas im’ ḟeoil féin an méid de ṗiantaiḃ Ċríost atá i n‐easnaṁ ar son a ċuirp,


Mo ḃeannaċt uaim‐se Pól, lem’ láiṁ féin. Cuiṁniġiḋ ar mo ċuiḃreaċaiḃ. Grása go raiḃ liḃ.


le breiṫ buiḋeaċais; ag guiḋe orainne ar an am céadna, go ḃfosclóċaiḋ Dia doras do’n ḃriaṫar dúinn, ċum rúindiaṁair Ċríost, go ḃfuilim‐se i gcuiḃreaċaiḃ ar a son, d’innsin;


Go dtugaiḋ an Tiġearna trócaire do ṫeaġlaċ Onésiforuis; óir is minic ṫug sé sólás croiḋe ḋom, agus níor nár leis mo ṡlaḃraḋ;


D’á ḃriġ sin ná bíoḋ aon náire ort fá ḟiaḋnaise do ṫaḃairt ar son an Tiġearna, ná fúm‐sa, príosúnaċ ar a ṡon: aċt fulaing cruaḋtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cuṁaċta Dé;


Pól, príosúnaċ ar son Íosa Críost, agus Timóteus ár mbráṫair, ċum Filéamóin, cara ionṁain agus cóṁ‐oibriḋe linn,


Beannuiġeann Epafras, cóṁ‐ṗríosúnaċ liom i nÍosa Críost, duit; mar aon le


is é is fearr liom impiḋe do ḋéanaṁ ort, ar son an ġráḋa, agus gur mise Pól atá im’ ṡean‐ḟear, agus im’ ṗríosúnaċ anois ar son Íosa Críost:


Ná bíoḋ aon eagla ort roiṁ an méid atá le fulang agat: féaċ, atá an diaḃal ar tí cuid agaiḃ do ċaiṫeaṁ isteaċ i bpríosún ċum froṁaḋ do ḋéanaṁ oraiḃ; agus béiḋ siḃ fá anró ar feaḋ deiċ lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐ḃéarfad‐sa coróin na beaṫaḋ ḋuit.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ