Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 2:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 tar a éis dó an náiṁdeaċas do ċur ar ceal tré n‐a ḟeoil, is é sin dliġe na h‐aiṫeanta i reaċtaiḃ; ċum aon duine nua aṁáin do ḋéanaṁ de’n dís,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Ar gcur a naiṁdeanuis ar gcúl dó tré na ḟeóil, éaḋon reaċd na naiṫeantaḋ maille ris na hórduiġṫiḃ; ionnus go ndéanaḋ sé áonduine aṁáin núaḋ do ḋías ann féin, ag déunaṁ sioṫċána;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 2:15
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ar an aḋḃar sin, má tá aoinneaċ i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireaḋ leis na sean‐neiṫiḃ; atáid déanta as an nua.


Óir an méid ċlaoiḋeas le h‐oibreaċaiḃ an dliġe atáid fá ṁallaċt: mar atá scríoḃṫa, Is malluiġṫe gaċ duine naċ leanann do’n uile niḋ aṫá scríoḃṫa i leaḃar an dliġe, agus naċ gcuireann i ngníoṁ é.


Ní ḟuil lúdaċ ’ná Gréagaċ ann, ní ḟuil saor ’ná daor ann, ní ḟuil fireannaċ ’ná baineannaċ ann: óir is aon duine aṁáin i nÍosa Críost siḃ go léir.


Óir ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, ná an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt nádúir úrnua.


Óir is sinne obair a láiṁe, do cruṫuiġeaḋ i nÍosa Críost ċum deaġ‐ġníoṁarṫa, d’ullṁuiġ Dia roiṁ ré ċum go gcleaċtfaimís iad.


Óir is eisean ár síoṫċáin, an té do rinne aon duine aṁáin de’n dís, agus do leag balla láir na teorann,


ag déanaṁ síoṫċána; agus iad do réiḋteaċ le ċéile i gcorp aṁáin ċum Dé de ḃárr na croise, ag marḃaḋ an náiṁdeaċais d’á ċionn sin:


Uaiḋ‐sean is eaḋ do‐ġeiḃ an corp uile, ar mbeiṫ ḋó cóiṁ‐ḋeangailte, cóṁ‐ḋlúṫuiġṫe le ċéile de ḃárr a dtugann gaċ alt dó, do réir éifeaċta gaċ baill ar leiṫ, do‐ġeiḃ sé fás ċum a leasa i ngráḋ.


Do ċuir sé deireaḋ leis an mbanna atá scríoḃṫa i reaċtaiḃ ’n‐ár gcoinniḃ, do ḃí contrárḋa ḋúinn; agus do ġlan sé as an sliġe é,


Má’s fíor go ḃfuil siḃ básuiġṫe i n‐éinḟeaċt le Críost ó ḋúlaiḃ an doṁain, cad ċuige ḋaoiḃ géilleaḋ do reaċtaiḃ mar ḋéanfaḋ daoine ṁaireas san tsaoġal so.


agus ó tá an nua‐ḋuine curṫa umaiḃ agaiḃ, agus é d’á aṫnuaḋaḋ i n‐eolas do réir íoṁáiġe an té do ċruṫuiġ é.


Ní ḟuil Gréagaċ ná Iúdaċ ann, ní ḟuil timċeall‐ġearraḋ ná neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, barbaraċ, Scitiḋeaċ, daor ná saor ann, aċt is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán.


Agus síoṫċáin Ċríost, ċum ar glaoḋaḋ siḃ i n‐aon ċorp aṁáin, bíoḋ sí ag riaġlú ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ; agus biḋiḋ buiḋeaċ.


do rinneaḋ, níorḃ é do réir dliġe aiṫne saoġalta, aċt do réir cuṁaċta beaṫaḋ síor‐ḃuaine:


Ġ‐á ráḋ ḋó, Connraḋ nua, is aṁlaiḋ atá an ċéad ċonnraḋ curṫa i seandaċt aige. Aċt an niḋ atá ag éirġe sean agus ag dul i n‐aois, is gearr uaiḋ dul as ar fad.


Níorḃ ḟoláir, d’á ḃriġ sin, somplaí na neiṫe atá ar neaṁ do ġlanaḋ ar an gcuma sin; aċt na neiṫe neaṁḋa do ġlanaḋ le h‐íoḋbarṫaiḃ atá níos fearr ’ná iad sin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ