Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 2:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Óir is eisean ár síoṫċáin, an té do rinne aon duine aṁáin de’n dís, agus do leag balla láir na teorann,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Oír as eision ar síoṫċáinne, noċ do rinne áon dinn aráon, agus do ḃris síos balla méaḋónaċ na teóruinne;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 2:14
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ag soillsiú orṫa‐san atá ’n‐a suiḋe i ndorċadas agus i scáile an ḃáis; Ag seolaḋ ár gcos i sliġe na síoṫċána.


Glóir do Ḋia ins na flaiṫeasaiḃ is aoirde, Agus ar talaṁ síoṫċáin do luċt déiġṁéine.


Agus atá caoiriġ eile agam, naċ mbaineann leis an gcró so: ní mór dom iadsan ṫaḃairt, leis, agus éistfiḋ siad lem’ ġlór; agus béiḋ aon ċró agus aon aoḋaire aṁáin ann.


Agus ní h‐aṁáin ar son an ċiniḋ, aċt go gcruinneoċaḋ sé i n‐aon ċineaḋ aṁáin clann Dé atá scaipṫe.


Aduḃairt mé an méid sin liḃ, ċum go mbéaḋ síoṫċáin agaiḃ ionnam‐sa. Ata anró oraiḃ sa tsaoġal so: aċt bíoḋ meisneaċ agaiḃ; atá buaiḋte agam‐sa ar an saoġal.


agus aduḃairt sé leo, Atá a ḟios agaiḃ féin naċ dlisteanaċ do’n Iúdaċ baint do ḃeiṫ aige le duine d’aon ċineaḋ eile, ná caidreaṁ do ḋéanaṁ leis; aċt ṫug Dia le tuigsin dom gan coitċeann ná neaṁ‐ġlan do ṫaḃairt ar aon duine:


An briaṫar do ċuir sé ċum clainne Israel, ag fógairt deaġ‐scéal síoṫċána tré Íosa Críost (is é Tiġearna ar ċáċ é) —


D’á ḃriġ sin, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré ċreideaṁ, atá síoṫċáin againn le Dia tríd ár dTiġearna Íosa Críost;


Ní ḟuil lúdaċ ’ná Gréagaċ ann, ní ḟuil saor ’ná daor ann, ní ḟuil fireannaċ ’ná baineannaċ ann: óir is aon duine aṁáin i nÍosa Críost siḃ go léir.


tar a éis dó an náiṁdeaċas do ċur ar ceal tré n‐a ḟeoil, is é sin dliġe na h‐aiṫeanta i reaċtaiḃ; ċum aon duine nua aṁáin do ḋéanaṁ de’n dís,


agus ṫáinig sé agus d’ḟógair sé síoṫċáin daoiḃ‐se do ḃí i gcéin, agus síoṫċáin dóiḃ‐sean do ḃí i gcóṁgar:


ó n‐a n‐ainmniġtear gaċ cineaḋ d’á ḃfuil ar neaṁ agus ar talaṁ,


Uaiḋ‐sean is eaḋ do‐ġeiḃ an corp uile, ar mbeiṫ ḋó cóiṁ‐ḋeangailte, cóṁ‐ḋlúṫuiġṫe le ċéile de ḃárr a dtugann gaċ alt dó, do réir éifeaċta gaċ baill ar leiṫ, do‐ġeiḃ sé fás ċum a leasa i ngráḋ.


agus ba toil leis gaċ uile niḋ do réiḋteaċ leis féin tríd, idir neiṫe atá ar talaṁ agus neiṫe atá ar neaṁ; ag déanaṁ síoṫċána tré ḟuil a ċroise.


Má’s fíor go ḃfuil siḃ básuiġṫe i n‐éinḟeaċt le Críost ó ḋúlaiḃ an doṁain, cad ċuige ḋaoiḃ géilleaḋ do reaċtaiḃ mar ḋéanfaḋ daoine ṁaireas san tsaoġal so.


Ní ḟuil Gréagaċ ná Iúdaċ ann, ní ḟuil timċeall‐ġearraḋ ná neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, barbaraċ, Scitiḋeaċ, daor ná saor ann, aċt is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán.


Agus síoṫċáin Ċríost, ċum ar glaoḋaḋ siḃ i n‐aon ċorp aṁáin, bíoḋ sí ag riaġlú ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ; agus biḋiḋ buiḋeaċ.


Anois, Dia na síoṫċána ṫug aoḋaire mór na gcaoraċ ar ais ó na marḃaiḃ tré ḟuil an ċonnarṫa ṡíorraiḋe,


agus ṫug beannaċt dó, d’á dtug Abraċam an deaċṁaḋ cuid de’n uile niḋ (ar mbeiṫ ḋó, ar n‐a ṁíniú, Rí na fíréantaċta, agus Rí Ṡálem,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ