Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 2:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Óir is sinne obair a láiṁe, do cruṫuiġeaḋ i nÍosa Críost ċum deaġ‐ġníoṁarṫa, d’ullṁuiġ Dia roiṁ ré ċum go gcleaċtfaimís iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Oír as sinne a obairsion, air a gcrúṫuġaḋ a Níosa Críosd ċum déaġoibriġeaḋ, noċ do ullṁuiġ Día roiṁ láiṁ, ċum sinne do ṡiuḃal ionnta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 2:10
58 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Bíoḋ ḃúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i ḃfiaḋnaise na ndaoine, ionnas go ḃfeicfiḋ siad ḃúr ndeaġoibreaċa, agus go molfaiḋ siad ḃúr n‐Aṫair atá ar neaṁ.


Aċt an té ċleaċtas an ḟírinne tig sé ċum an tsolais, ċum go ḃfoillseoċaiḋe a ġníoṁarṫa, go ndearnaḋ iad i nDia.


Agus do ḃí síoṫċáin ag an eaglais ar fud Iúdaea, agus ar fud na Galilé agus Samária, ḃí beannaċt uirṫi; agus í ag dul i méid, ag gluaiseaċt i n‐eagla an Tiġearna, agus an Spiorad Naoṁ ag neartú léi.


Agus do ḃí i nIoppé deisceabal darḃ ainm Tabitá, (ainm ċialluiġeas, Dorcás): bean do ḃí ag sír‐ċleaċtaḋ deaġ‐ġníoṁ agus carṫannaċta.


Ní ḟuil damnú, d’á ḃriġ sin, i ndán do na daoiniḃ atá i nÍosa Críost, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an Spioraid.


Óir na daoine do réaṁ‐aiṫniġ sé, do réaṁ‐oirdniġ sé iad, ċum go mbéaḋ siad cosṁail le h‐íoṁáiġ a Ṁic, ċum go mbéaḋ seisean ’n‐a ċéid‐ġein i measc mórán bráiṫreaċ.


Óir is ċóṁoibriḋṫe le Dia sinn: is fearann Dé siḃ‐se, foirgneaṁ Dé.


Ar an aḋḃar sin, má tá aoinneaċ i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireaḋ leis na sean‐neiṫiḃ; atáid déanta as an nua.


Anois an té do ċruṫuiġ ċuige seo sinn is é Dia é, ṫug éirlis an Spioraid dúinn.


Agus is féidir le Dia ḃur líonaḋ de’n uile ġrás; ċum, ar mbeiṫ ḃur sáiṫ de gaċ niḋ i gcóṁnaiḋe agaiḃ, go mbéiḋ acfuinn ċum gaċ deaġ‐ġnó agaiḃ:


Óir ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, ná an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt nádúir úrnua.


Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, ċum na naoṁ atá i nEiféis, agus ċum luċt an ċreidiṁ i nÍosa Críost:


fá mar ṫoġ sé sinne ann roiṁ ṫosaċ an doṁain, ċum go mbéimís naoṁṫa, gan loċt ’n‐a ḟiaḋnaise i ngráḋ:


Aċt anois, siḃ‐se do ḃí i gcéin roiṁe seo, atá siḃ taḃarṫa i gcóṁgar tré ḟuil Ċríost.


tar a éis dó an náiṁdeaċas do ċur ar ceal tré n‐a ḟeoil, is é sin dliġe na h‐aiṫeanta i reaċtaiḃ; ċum aon duine nua aṁáin do ḋéanaṁ de’n dís,


’n‐a raiḃ siḃ ag siuḃal roiṁ ré do réir cúrsa an tsaoġail seo, do réir prionnsa cuṁaċta an aeir, an spiorad atá ag oibriú anois i gclainn na h‐easuṁlaċta.


agus do ċuir sé ’n‐ár suiḋe sinn i n‐éinḟeaċt leis ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa i nÍosa Críost:


Uime sin, impiḋim‐se, príosúnaċ ar son an Tiġearna, impiḋim oraiḃ ḃur saoġal do riaraḋ mar ba ċóir do ḋaoiniḃ fuair an ġairm fuaraḃair‐se, le gaċ uṁlaċt agus ceannsaċt,


agus cuiriḋ umaiḃ an nua‐ḋuine atá cruṫuiġṫe do réir Dé i ḃfíréantaċt agus i ḃfíor‐naoṁṫaċt.


agus atáim cinnte de’n méid seo, an té do ṫosnuiġ ar obair ṁaiṫ ionnaiḃ, go gcóiṁlíonfaiḋ sé go ló Íosa Críost é;


óir is é Dia do‐ḃeir daoiḃ an toil agus an éifeaċt mar is mian leis féin.


ċum go siuḃalfaiḋ siḃ mar d’oirfeaḋ daoiḃ san Tiġearna, go sásóċaiḋ siḃ é ar an uile ṡliġe, ag taḃairt torṫa san uile ḋeaġ‐ġníoṁ, agus ḃur n‐eolas ar Ḋia ag dul i méid;


agus ó tá an nua‐ḋuine curṫa umaiḃ agaiḃ, agus é d’á aṫnuaḋaḋ i n‐eolas do réir íoṁáiġe an té do ċruṫuiġ é.


agus go neartuiġiḋ sé i ngaċ deaġ‐ġníoṁ agus i ngaċ deaġ‐ḟocal siḃ.


aċt (mar ba ċeart do ṁnáiḃ adṁuiġeas cráiḃṫeaċt) le deaġ‐ġníoṁarṫaiḃ.


deaġ‐ṫeist ḃeiṫ uirṫi ás uċt deaġ‐ġníoṁarṫa; má tá clann oilte aici: má ċuir sí fáilte roiṁ stróinséiriḃ, má niġ sí cosa na naoṁ, má ċug sí fóiriṫin ar luċt aindeise, má lean sí go díċeallaċ do gaċ saġas deaġ‐ġníṁ.


Ar an gcuma ċéadna bíonn deaġ‐oibreaċa ann atá follusaċ; agus na deaġ‐oibreaċa naċ ḃfuil follusaċ ní féidir a gceilt.


maiṫeas do ċleaċtaḋ, ḃeiṫ saiḋḃir i ndeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ, ḃeiṫ fial, fairsing;


Uime sin, má ċoiṁeádann duine é féin slán uaṫa so, béiḋ sé ’n‐a ṡoiṫeaċ ċum onóra, soiṫeaċ beannuiġṫe, usáideaċ do’n té gur leis é, fóġanta ċum gaċ deaġ‐ġnó.


ċum go mbéiḋ an duine le Dia lán‐oilte gléasta go h‐iomlán le h‐aġaiḋ gaċ deaġ‐ġníṁ.


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


dod’ ṫaisbeáint féin ar gaċ sliġe mar ṡompla i dtaoḃ deaġ‐ġníoṁarṫa; ag taḃairt teagaisc ġlain, ċéilliḋe, briaṫar folláin naċ féidir loċt d’ḟáġáil air;


Cuir i gcuiṁin dóiḃ ḃeiṫ uṁal do riaġlóiriḃ agus do luċt uġdaráis, ḃeiṫ urramaċ, ḃeiṫ ullaṁ ċum gaċ deaġ‐ġnó,


Agus ní foláir d’ár muinntir féin a ḟoġlaim cionnas deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ, ċum gaċ niḋ atá riaċtanaċ do ṡoláṫar, ċum naċ mbéiḋ siad gan toraḋ.


Is fíor an ráḋ é, agus ba ṁian liom go gcuirfeá ’n‐a luiġe ar na daoiniḃ é, go gcaiṫfiḋ an dream ċreideas i nDia deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ. Is iad so na neiṫe atá fóġanta, tairḃeaċ do na daoiniḃ:


agus taḃraimís aire d’á ċéile, ag spreagaḋ a ċéile ċum gráḋa agus ċum deaġ‐ġníoṁarṫa;


go ḃfoirḃiḋ sé ins gaċ deaġ‐ġníoṁ siḃ, ċum a ṫoil do ḋéanaṁ, ag oibriú ionnainn a ḃfuil taiṫneaṁaċ ’n‐a ḟiaḋnaise, tré Íosa Críost; dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal. Amen.


Bíoḋ deaġ‐iomċar macánta i measc na bPágánaċ agaiḃ; ċum, giḋ go laḃrann siad ’n‐ḃur n‐aġaiḋ aṁail mar ḃéaḋ siḃ ’nḃur luċt mí‐ġníṁ, go dtugaiḋ siad fá deara ḃur ngníoṁarṫa maiṫe, agus go dtugaiḋ siad glóir do Ḋia i ló na cuarta.


aċt má ṡiuḃlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le ċéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Ṁac ó gaċ peacaḋ sinn.


an té adeir go gcóṁnuiġeann sé ann, atá sé de ḋualgas air siuḃal do réir mar ṡiuḃail seisean.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ