Ṫáinig Mac an Duine ag iṫe agus ag ól, agus is é adeirid, Féaċ an duine craosaċ, agus póitire an ḟíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacaċ! Aċt ċeana is le n‐a gníoṁarṫaiḃ fíorṫar an eagna.
Aċt ní mar a ċéile do’n tsaor‐ḃronntanas agus do’n ċionnta. Óir má’s de ḃárr cionnta duine aṁáin fuair mórán bás, is mó ’ná sin go mór do ṁéaduiġ do ṁórán grása Dé agus an bronntanas tré ġrása duine aṁáin, is é sin Íosa Críost.
lán de ġáirdeaċas, do’n Aon‐Dia aṁáin, ár Slánuiġṫeoir, tré Íosa Críost ár dTiġearna, dó‐san go raiḃ glóir, mórḋaċt, neart agus cuṁaċt, mar ḃí ariaṁ, mar tá anois, agus mar ḃéas go saoġal na saoġal, Amen.
g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Is fiú an tUan atá íoḋbarṫa an ċuṁaċt, agus an saiḋḃreas, agus an eagnaiḋeaċt, agus an neart, agus an onóir, agus an ġlóir, agus an molaḋ d’ḟáġáil.