Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Heṗesiánaċ 1:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 gur ab í a ċorp í, iomláine an te líonas an t‐iomlán ar fad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Noċ atá na corp aige, na cóiṁlíonaḋ ag an tí ċóiṁlíónas na huile sna huiliḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Heṗesiánaċ 1:23
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir is as a líonṁaire do ġlacamar uile, agus grás ar ġrás.


Uime sin ní foláir ḋuit ḃeiṫ uṁal, ní h‐é ar son na díḃeirge aṁáin, aċt ar son coinsiais.


Agus atá oibreaċa éagsaṁla ann, aċt ní ḟuil ann aċt an t‐aon Dia aṁáin do‐ġní an uile niḋ san uile ḋuine.


Agus nuair ḃéas gaċ uile niḋ fá n‐a ċeannas, annsin is eaḋ ḃéas an Mac féin fá ċeannas an té do ċuir gaċ uile niḋ fá n‐a ċeannas, ar ṁoḋ go mbéiḋ Dia ’n‐a uile niḋ do ċáċ.


ag déanaṁ síoṫċána; agus iad do réiḋteaċ le ċéile i gcorp aṁáin ċum Dé de ḃárr na croise, ag marḃaḋ an náiṁdeaċais d’á ċionn sin:


ċum go ndéanfaiḋe il‐eolas Dé soiléir tríd an eaglais do na h‐uaċtaránaiḃ agus do na cuṁaċtaiḃ ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa,


agus a ḟaide, agus a ḋoiṁneaċt, agus gráḋ Ċríost, ṡáruiġeas gaċ eolas, d’aiṫint, ċum go líonfar le lán‐líonṁaireaċt Dé siḃ.


An té do ċuaiḋ síos, is eisean, leis, do ċuaiḋ suas i n‐áirde i ḃfad os cionn na ḃflaiṫeas, ċum go líonfaḋ sé gaċ uile niḋ).


ċum na naoiṁ d’ḟoirḃiú, le h‐aġaiḋ gnó na miniostrálaċta, ċum corp Ċríost do ċóiṁ‐ġreamú le ċéile:


nó go dtagaimís uile ċum aondaċta an ċreidiṁ agus ċum lán‐eolais ar Ṁac Dé, ċum staide duine lán‐ḟásta,


Ní ḟuil ann aċt an t‐aon ċorp aṁáin, agus an t‐aon Spiorad aṁáin, fá mar glaoḋaḋ siḃ ċum aon dóċais aṁáin ḃaineas le n‐ḃur ngairm;


Do‐ġním gáirdeaċas anois i lár mo ḃuaiḋearṫa ar ḃur son, agus líonaim suas im’ ḟeoil féin an méid de ṗiantaiḃ Ċríost atá i n‐easnaṁ ar son a ċuirp,


gan greim do ċoiṁeád ar an gCeann, ó n‐a méaduiġeann an corp uile le fás ó Ḋia, agus é d’á ċoṫú agus d’á ṡnaiḋmeaḋ le ċéile le h‐altaiḃ agus le lúiṫeaċaiḃ.


Ní ḟuil Gréagaċ ná Iúdaċ ann, ní ḟuil timċeall‐ġearraḋ ná neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, barbaraċ, Scitiḋeaċ, daor ná saor ann, aċt is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán.


Agus síoṫċáin Ċríost, ċum ar glaoḋaḋ siḃ i n‐aon ċorp aṁáin, bíoḋ sí ag riaġlú ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ; agus biḋiḋ buiḋeaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ