Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 9:39 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Agus d’éiriġ Peadar agus ċuaiḋ sé n‐éinḟeaċt leo. Agus nuair ṫáinig sé, rugadar suas é go dtí an seomra uaċtaraċ: agus do ḃí na baintreaḃaċa ’n‐a seasaṁ ’n‐a aice ag gol agus ag taisbeáint na gcótaí agus na gculaiṫeaċ do‐rinne Dorcás a ḟad agus ḃí sí ’n‐a measc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

39 Agus d’éiriġ Peadar, agus ċuaiḋ sé leo. Agus ar ṫeaċt dó, ṫug siad ċun an tseomra uaċtaraiġ é: agus ṡeasuiġ na bain-treaḃaċa uilig ṫart fá dtaoiḃ dé, agus iad ag caoineaḋ, agus ag taisbeáint dó na gcótaí agus na gcultaċ a rinne Dorcas dóiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus d’eiriġ Peadar agus ṫáinig sé leó. Agus nuair a ṫáinig sé ann do rugadar suas é go dtí an seómra mór, agus ḃí na baintrneaċa ’n-a seasaṁ ’n-a ṫímpal agus iad ag sile deór agus iad ag taisbeáint na gcótaí agus na mball éadaiġ dó a ḋeineaḋ Dorcas dóiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

39 Ann sin ar néirġe do Ṗeadar ṫáinic sé ríu. Agus ar dteaċd ḋó, rugadar súas don tséomra úaċdaraċ é: agus do ṡeasadar na baintreaḃaċ uile na aice ag cáoi, agus ag taisbéanaḋ na gcótaḋ agus na gcúlaiḋeaċ do rinne Dorcás, an feaḋ do ḃí sí na ḃfoċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 9:39
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt, A ṡlioċt ḋíṫċreidiṁ ḋo‐ṫeagascṫa, cá ḟad ḃéas mé eadraiḃ? cá ḟad ḟúlaingeoċas mé siḃ? taḃraiḋ ċugam‐sa annso é.


Óir bíonn na boiċt ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe; aċt ní ḃéiḋead‐sa i gcóṁnaiḋe i n‐ḃúr ḃfoċair.


Do rinne sí an niḋ do b’ḟéidir léi: d’ong sí mo ċorp roiṁ ré fá ċóṁair a aḋlaċta.


Agus aduḃairt sé leo, Is iad so na briaṫra do laḃras liḃ, an ḟaid do ḃíos fós ’n‐ḃúr ḃfoċair, gurḃ éigean gaċ a ḃfuil scríoḃṫa i reaċt Ṁaoise, agus ins na fáiḋiḃ, agus ins na salmaiḃ, im’ ṫaoḃ‐sa, do ċóiṁlíonaḋ.


Óir bíonn na boiċt ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe; aċt ní ḃím‐se ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe.


An ḟaid do ḃíos‐sa ’n‐a ḃfoċair, do ċongḃuiġeas it’ ainm‐se iad‐san ṫugais dom, agus do ċosnas iad, agus ní ḋeaċaiḋ aoinneaċ aca amuġa, aċt mac an ṁillte, ċum go gcoiṁlíonfaiḋe an Scrioptúir.


Agus ar dteaċt isteaċ ḋóiḃ, ċuadar suas go dtí an seomra uaċtaraċ, mar a raiḃ siad ’n‐a gcóṁnaiḋe; Peadar agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parṫalán agus Maṫa, Séamas Alféuis, agus Síomón Sélótés, agus Iúdás Ṡéamais.


Do ḃíos im’ eisiompláir ḋaoiḃ ins gaċ éinniḋ, g‐á ṫaisbeáint daoiḃ gur ag obair ar an gcuma sin ba ḋual daoiḃ cuidiú leis na daoiniḃ laga, agus cuiṁniú ar ḃriaṫraiḃ an Tiġearna Íosa, mar aduḃairt sé, Is mó is beannuiġṫe bronnaḋ ’ná glacaḋ.


Agus ins na laeṫiḃ sin, mar ḃí uiṁir na ndeisceabal ag dul i méid, do‐rinne na h‐Iudaiġ Gréagaċa gearán i n‐aġaiḋ na nEaḃraċ, toisc go ndearnaḋ failliġe ar a mbaintreaḃaċaiḃ san ḃfrioṫáileaṁ laeṫeaṁail.


Agus d’aḋlaic daoine cráiḃṫeaċa Stiofán, agus do ċaoineadar é go h‐árd‐ġlóraċ.


Agus ṫug sé a láṁ dí, agus do ṫóg sé ’n‐a seasaṁ í; agus ag glaoḋaċ na naoṁ agus na mbaintreaḃaċ dó, ṫug sé ḋóiḃ í ’n‐a beaṫaiḋ.


Óir má tá an deaġ‐ṫoil ann, glactar léi do réir a ḃfuil ag duine, ní h‐é do réir a ḃfuil i n‐easnaṁ air.


ná déanaḋ sé goid ’n‐a ḋiaiḋ seo: aċt ’n‐a ionad sin déanaḋ sé saoṫar, ag déanaṁ oibre fóġanta le n‐a láṁaiḃ, ar ṁoḋ go mbéiḋ rud aige le taḃairt do’n té atá ’n‐a easbaiḋ.


ag síor‐ċuiṁneaṁ ar ḃur ngníoṁarṫaiḃ creidiṁ, agus ar ḃur saoṫar carṫannaċta, agus ar ḃur ndóċas foiḋneaċ as ár dTiġearna Íosa Críost, i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar.


Aċt, a ḃráiṫre, níor ṁaiṫ linn siḃ ḃeiṫ i n‐ainḃfios i dtaoḃ na ndaoine atá ’n‐a gcodlaḋ, ċum naċ mbéiḋ cuṁa oraiḃ, mar ḃíos ar na daoiniḃ eile atá gan dóċas.


Taḃair onóir do na baintreaḃaċaiḃ atá n’‐a mbaintreaḃaċaiḃ dá ríriḃ.


Bean atá ’n‐a baintreaḃaiġ dá ríriḃ, agus í fágṫa ’n‐a h‐aonar’ cuireann sí a muiniġin as Dia, agus leanann sí d’aṫċuinġeaċaiḃ agus d’urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló.


A ċlann ḃeag, ná taḃraimís gráḋ i mbriaṫraiḃ béil, ná leis an teangain: aċt i ngníoṁarṫaiḃ agus i ḃfírinne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ