Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 9:38 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Agus ó ḃí Lidda i ngar do Ióppé, ar n‐a ċlos do na deisceablaiḃ go raiḃ Peadar san áit sin, do ċuireadar beirt deisceabal ċuige, d’iarraiḋ d’aṫċuinge air teaċt ċuca gan ṁoill.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Agus mar go raiḃ Lidda i ngaoḃar do Ioppe, agus ċuala na deisciobail go raiḃ Peadar annsin, ċuir siad beirt ḟear ċuige, ġá ġuiḋe: Ná déan moill i dteaċt ċugainn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Aċ, ó ḃí Lidda cóṁgasaċ do Ioppé agus gur airiġ na deisgiobuil Peadar a ḃeiṫ sa n-áiṫ sin, ċuireadar beirt ḟear ċuige ’ġá ráḋ leis: Ná déin ríġneas gan teaċt ag triall orainn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Agus ar mbeiṫ do Liddá a ḃfogus do Ioppa, ar ḃfaġáil sgéul do na deisciobluiḃ go raiḃ Peadar ann sin, do ċuireadar dís fear ċuige, dá íarraiḋ air, gan muill do ḋéanaṁ ré teaċd ċuca.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 9:38
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus anois cuir fir go h‐Ioppé agus cuir fios ar Ṡíomón, ar a dtugtar Peadar;


agus tar a éis dó gaċ uile niḋ d’innsint dóiḃ, do ċuir sé go h‐Ioppé iad.


agus d’innis sé ḋúinn cionnas do ċonnaic sé an t‐aingeal ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐a ṫiġ, agus go nduḃairt sé, Cuir fios go h‐Ioppé agus taḃair liḃ Síomón ar a dtugtar Peadar;


agus nuair fuair sé é, ṫug sé leis go h‐Antuaiġ é. Agus ar feaḋ bliaḋna do ġnáṫuiġeadar cóṁluadar na h‐eaglaise, agus ṫugadar teagasc do ṁórán daoine; agus ṫárla gur i nAntuaiġ tugaḋ Críostaiḋṫe ar dtús ar na deisceablaiḃ.


Is aṁlaiḋ do ḃí mé i gcaṫair Ioppé ag guiḋe: agus i néall dom do ċonnacas aisling, soiṫeaċ mar ḃéaḋ seol mór g‐á leigin ó’n spéir anuas le n‐a ċeiṫre cúinniḃ; agus ṫáinig sé im’ aice:


agus do ġlac sé biaḋ agus fuair sé neart. Agus d’ḟan sé roinnt laeṫe i ḃfoċair na ndeisceabal do ḃí i nDamascus.


Agus ṫárla, nuair do ḃí Peadar ag gaḃáil ó áit go h‐áit, go dtáinig sé ċum na naoṁ do ċóṁnuiġ i Lidda.


Agus do ḃí i nIoppé deisceabal darḃ ainm Tabitá, (ainm ċialluiġeas, Dorcás): bean do ḃí ag sír‐ċleaċtaḋ deaġ‐ġníoṁ agus carṫannaċta.


Agus do luaḋaḋ é ar feaḋ Ioppé ar fad: agus do ḃí mórán do ċreid san Tiġearna.


Agus ṫárla gur ḟan sé morán laeṫe i nIoppé i dtiġ Ṡíomóin, fear leasuiġṫe leaṫair.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ