Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 9:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Agus do ḃí síoṫċáin ag an eaglais ar fud Iúdaea, agus ar fud na Galilé agus Samária, ḃí beannaċt uirṫi; agus í ag dul i méid, ag gluaiseaċt i n‐eagla an Tiġearna, agus an Spiorad Naoṁ ag neartú léi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

31 Annsin ḃí síoṫċáin ag an eaglais ar fud Iudaia go h-ioṁlán, agus ar fud na Gailile, agus na Samáire, agus ag siuḃal dí i n-eagla an Tiġearna, ċuaiḋ sí i méid, agus ḃí sí dá líonaḋ le sólás an Spioraid Naoiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Agus ḃí síoṫċáin ag an eaglais ar fuid Iúdaéa go léir agus as fuid Ġalillí agus Ṡamaría, agus ḃí sí ag dul ar aġaid ag gluaiseaċt i n-eagla an Tiġearna, agus í dá líonaḋ le sólás an Spioraid Naoiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Uime sin fúair an eagluis ar feaḋ ṫire Iúdaiġe agus na Galilé agus na Samária síoṫċain; ar mbeiṫ ḋóiḃ ar na dtogḃáil súas sa gcreideaṁ: agus ag siúḃal a neaglá Dé, agus do ḃádar ar na líonaḋ do ċoṁḟurtaċd an Spiorad Náoiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 9:31
56 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt do lean briaṫar Dé ag fás agus ag méadú.


Agus mar sin do ḃí na h‐eaglaisí ag neartú san gcreideaṁ, agus ag dul i méid i n‐aġaiḋ an lae.


ag molaḋ Dé, agus meas ag gaċ uile ḋuine orṫa. Agus do ċuireaḋ an Tiġearna leo gaċ lá iad‐san do ḃí d’á slánú.


Agus anois, cuirim fá ċoimirce Dé, agus fá ḃriaṫar a ġrása siḃ, go ḃfuil ar ċumas dó ḃúr dtógáil suas, agus oiḋreaċt do ṫaḃairt daoiḃ i measc na naoṁ.


Agus ṫáinig eagla ṁór ar an eaglais uile, agus orṫa‐san do‐ċuala na scéala sin.


Agus do ḃí briaṫar Dé ag leaṫaḋ; agus ḃí uiṁir na ndeisceabal ag dul i méid go mór i nIarúsalem; agus do ḃí a lán de na sagartaiḃ d’uṁluiġ do’n ċreideaṁ.


Agus d’éiriġ géir‐leanṁain ṁór an lá sin i gcoinniḃ na h‐eaglaise do ḃí i nIarúsalem; agus do scaipeaḋ iad uile ar fud réigiúin Iúdaea agus Ṡamária, aċt aṁáin na h‐abstail.


óir ní biaḋ agus ól ríoġaċt Dé, aċt fíréantaċt, agus síoṫċáin, agus áṫas san Spiorad Naoṁ.


Uime sin leanaimís na neiṫe ḃaineas le síoṫċáin, agus na neiṫe le n‐ar féidir linn deaġ‐ṫréiṫe a ċéile do ṁéadú.


Anois go líonaiḋ Dia an dóċais siḃ de gaċ áṫas agus de gaċ síoṫċáin san gcreideaṁ, ċum go mbéiḋ siḃ féin lán de ḋóċas, tré ċumaċt an Spioraid Naoiṁ.


agus ní náiriġeann an dóċas, de ḃriġ go ḃfuil gráḋ Dé doirtiġṫe ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ tríd an Spiorad Naoṁ tugaḋ ḋúinn.


Ar an aḋḃar sin, de ḃriġ go sanntuiġeann siḃ bronntainisí spioradálta, iarraiḋ gur ab é leas na h‐eaglaise ḃéas mar ċúram oraiḃ.


Créad é, mar sin, a ḃráiṫre? Ag teaċt i gceann a ċéile ḋaoiḃ, bíonn salm, bíonn teagasc éigin, bíonn teanga, bíonn foillsiú, bíonn míniú ag gaċ duine agaiḃ. Déantar gaċ uile niḋ ċum leasa na mbráṫar.


Óir bíoḋ go ndéanfainn beagán maoiḋṁeaċais san mbreis as ár h‐uġdarás (ṫug an Tiġearna ḋúinn ċum ḃur leasuiġṫe, ní ċum siḃ do leagaḋ),


Measann siḃ ar feaḋ an ama so gur ag cumaḋ leiṫscéil atáimíd. Is i ḃfiaḋnaise Dé laḃraimíd i gCríost. Is ar ṁaiṫe liḃ‐se, a ċairde ionṁaine, adeirim gaċ niḋ.


D’á ḃriġ sin atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo, agus mé as láṫair, fá mar ṫug an Tiġearna uġdarás ċum leasuiġṫe, agus ní ċum leagṫa ḋom.


Ó ṫárla na geallaṁnaċa sin ḃeiṫ againn, a ċáirde ionṁaine, glanaimís dínn féin gaċ smál colna agus spioraid, ag cur naoṁaċta i gcríċ i n‐eagla Dé.


ċum na naoiṁ d’ḟoirḃiú, le h‐aġaiḋ gnó na miniostrálaċta, ċum corp Ċríost do ċóiṁ‐ġreamú le ċéile:


Uaiḋ‐sean is eaḋ do‐ġeiḃ an corp uile, ar mbeiṫ ḋó cóiṁ‐ḋeangailte, cóṁ‐ḋlúṫuiġṫe le ċéile de ḃárr a dtugann gaċ alt dó, do réir éifeaċta gaċ baill ar leiṫ, do‐ġeiḃ sé fás ċum a leasa i ngráḋ.


Ná leigiḋ d’aon droċ‐ċainnt teaċt as ḃur mbéal, aċt cainnt ḟóġanta raċas ċum tairḃe, do réir mar ḃéas gáḃaḋ léi, ċum go dtiuḃraiḋ sí grása do’n luċt éisteaċta.


ag géilleaḋ d’á ċéile i n‐eagla Ċríost.


Uime sin, má tá aon ḟortaċt i gCríost, má tá aon tsólás san ngráḋ, má tá aon ċumann san Spiorad, má tá truaġ nó trócaire ar biṫ ann, déanaiḋ‐se mo ġáirdeaċas do ċóiṁlíonaḋ,


ċum go siuḃalfaiḋ siḃ mar d’oirfeaḋ daoiḃ san Tiġearna, go sásóċaiḋ siḃ é ar an uile ṡliġe, ag taḃairt torṫa san uile ḋeaġ‐ġníoṁ, agus ḃur n‐eolas ar Ḋia ag dul i méid;


D’á ḃriġ sin taḃraiḋ meisneaċ d’á ċéile, agus neartuiġiḋ a ċéile, fá mar tá d’á ḋéanaṁ agaiḃ.


agus gan aire do ṫaḃairt d’ḟaḃlaiḃ, ná do ġeinealaċaiḃ gan ċríoċ, ó n‐a ḃfásann ceisteanna níos mó ’ná riaraḋ gnó Dé san gcreideaṁ.


Uime sin fágṫar suaiṁneas sabóide ag pobal Dé.


Aċt, a ċáirde, tógaiḋ siḃ féin ar ḃun ḃur gcreidiṁ ṡár‐naoṁṫa, ag urnaiġe san Spiorad Naoṁ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ