Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 9:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Aċt do ġlac Barnabas ċuige é, agus ṫug sé ċum na n‐abstal é, agus d’innis sé ḋóiḃ cionnas do ċonnaic sé an Tiġearna san tsliġe, agus gur laḃair sé leis, agus cionnas mar laḃair sé i nDamascus i n‐ainm Íosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 Aċt rug Barnabas leis é, agus ṫreoruiġ sé ċuig na h-Abstail é: agus d’innis sé dóiḃ mar a ċonnaic sé an Tiġearna ar an tsliġe, agus gur laḃair sé leis, agus mar a laḃair sé féin go misneaṁail i n-ainm Íosa san Damaisc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Aċ do ṫóg Barnabas é agus do rug sé ag triall ar na h-Aspoil é agus d’inis sé ḋóiḃ conus mar a ċonnaic sé an Tiġearna ar an slíġ agus gur laḃair sé leis, agus conus mar a ḋein sé oḃair ċalma i n-ainim Íosa, i nDamascus.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Aċd ar na ġaḃáil ċuige do Ḃarnabás, rug sé gus na habsdalaiḃ é, agus dfoillsiġ sé ḋóiḃ cionnus do ċonnairc sé an Tiġearna sa tsliġe, agus gur laḃaír sé ris, agus cionnas do laḃair sé go dána a Ndamascus a nainm Iósa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 9:27
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinig scéala ’n‐a dtaoḃ go cluasaiḃ muinntire na h‐eaglaise do ḃí i nIarúsalem: agus do ċuireadar Barnabas uaṫa ċóṁ fada le h‐Antuaiġ:


Agus do ċuaiḋ Barnabas go Tarsus ar lorg Ṡaul:


Agus d’ḟill Barnabas agus Saul ó Iarúsalem, nuair ḃí gnó a seirḃíse déanta aca, ag breiṫ Eoin darḃ ċóṁainm Marcus i n‐éinḟeaċt leo.


Agus ag frioṫáileaṁ gnóṫa an Tiġearna, agus ag déanaṁ troscaiḋ ḋóiḃ, aduḃairt an Spiorad Naoṁ, Cuiriḋ i leaṫtaoiḃ Barnabas agus Saul le h‐aġaiḋ na h‐oibre ċum a ḃfuil siad ceapṫa agam.


Agus tar éis aiġnis agus conspóide nár ḃeag do ḃí ag Pól agus ag Barnabas leo‐san, do socruiġeaḋ go raċaḋ Pól agus Barnabas, agus cuid eile aca suas go h‐Iarúsalem ċum na n‐abstal agus na seanóir fá’n scéal seo.


Agus nuair ċonnacadar Peadar agus Eoin, agus iad ċóṁ dána sin, agus ṫuigeadar gur daoine gan foġlaim, gan léiġean iad, do ḃí iongnaḋ orṫa; agus d’aiṫniġeadar iad, go mbídís i ḃfoċair Íosa.


Agus anois, a Ṫiġearna, féaċ ar a mbagairt: agus taḃair dod’ ṡeirḃíseaċaiḃ do ḃriaṫar do laḃairt fo meisneaṁail,


Agus Seosaṁ, ar a dtug na h‐abstail Barnabas, ainm ċialluiġeas Mac na Meanman, Léḃíteaċ do rugaḋ i gCuprus,


Agus d’imṫiġ Ananias, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tiġ; agus do ċuir sé a láṁa air agus aduḃairt, A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa do ṫaisbeán é féin duit san tsliġe agus tú ag teaċt, do ċuir sé mise ċugat, ċum go ḃfaiġṫeá do raḋarc aṫuair, agus go líonfaiḋe ṫú de’n Spiorad Naoṁ.


ag laḃairt go dána i n‐ainm an Tiġearna: agus do ḃíoḋ sé ag laḃairt agus ag diospóireaċt i n‐aġaiḋ na nGréagaċ; go ndeaċadar‐san ag iarraiḋ a ṁarḃaḋ.


annsin do na h‐abstalaiḃ uile; agus san deireaḋ, taiḋḃriġeaḋ é ḋaṁ‐sa, mar ḋuine rugaḋ i n‐antráṫ.


Nó, an mise aṁáin agus Barnabas naċ ḃfuil sé de ċead againn éirġe as obair?


Agus do rinne an ċuid eile de na h‐lúdaċaiḃ an meallaḋ céadna sin i n‐éinḟeaċt leis; ar ṁoḋ gur scuabaḋ Barnabas féin ċum siuḃail le n‐a gceilg.


agus Séamas agus Céfas agus Eoin, go raiḃ meas orṫa mar ċolaṁnaiḃ, nuair ṫugadar fá deara an grása tugaḋ ḋom, do ṡíneadar deas‐láṁ cumainn ċugam‐sa agus ċum Ḃarnabais, ċum go n‐imṫeoċaimís ċum na gCineaḋaċ, agus iad féin le dul ċum luċta an timċeall‐ġearrṫa;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ