Gníoṁarṫa 9:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)21 Agus do ḃí iongnaḋ mór ar a raiḃ ag éisteaċt leis, agus aduḃradar, Naċ é seo an té do‐rinne léirscrios i nIarúsalem orṫa‐san do ġlaoḋ ar an ainm sin? agus ṫáinig sé annso d’aon ġnó ċum iad do ṫaḃairt ceangailte i láṫair uaċtarán na sagart. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)21 Agus ḃí iongantas ar an uile ḋuine dár ċuala é, agus deireaḋ siad: Naċ é seo an té a ḃíoḋ i n-Ierusalem ag ionnsaiḋe na ndaoine a ġuiḋ an t-ainm seo: agus naċ dtáinic sé annseo le h-iad a ṫaḃairt leis ceangailte ċuig uaċtaráin na sagart? အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)21 Agus ḃí uaṫḃás ar a raiḃ ag éisteaċt leis, agus deiridís: Náċ é seo an fear a ḃí ag déanaṁ íde i n-Ierúsalem ar an muinntir a ġlaoḋaḋ ar an ainim sin, agus náċ é gnó a ṫug anso é ná ċun iad do ḃreiṫ leis gaḃṫa ag triall ar uaċtaránaiḃ na sagart? အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)21 Agus do ġaḃ úaṫḃás na huile ḋáoine do ċúalaiḋ é, agus a duḃradar, A né naċ é so an té úd do sgrios a Niarusalem an dream do ġuiḋ an tainmse, agus is ċuige ṫáinic sé ann so, da mbreiṫ ris ceangailte ċum na nárdsagart? အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |