Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 9:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 agus do ġlac sé biaḋ agus fuair sé neart. Agus d’ḟan sé roinnt laeṫe i ḃfoċair na ndeisceabal do ḃí i nDamascus.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Agus nuair a ḃí biaḋ glacṫa aige, ṫáinic a neart ċuige. Agus ḃí sé suim laeṫe i ḃfoċair na ndeisciobal a ḃí san Damaisc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus ċaiṫ sé bia agus ṫáinig neart dó. Agus d’ḟan sé raint laeṫanta i ḃfoċair na ndeisgiobul a ḃí i nDamascus.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus do ċaiṫ bíaḋ, agus do neartuiġeaḋ é. Agus do ḃí Saul láeṫe áiriġe a ḃfoċair na ndeisciobal do ḃí a Ndamáscus.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 9:19
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus nuair fuair sé é, ṫug sé leis go h‐Antuaiġ é. Agus ar feaḋ bliaḋna do ġnáṫuiġeadar cóṁluadar na h‐eaglaise, agus ṫugadar teagasc do ṁórán daoine; agus ṫárla gur i nAntuaiġ tugaḋ Críostaiḋṫe ar dtús ar na deisceablaiḃ.


Agus do ṡocruiġ na deisceabail caḃair, de réir gustail gaċ duine, do ċur ċum na mbráiṫreaċ do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe i nIúdaea:


aċt do ċraoḃscaoileas do ṁuinntir Ḋamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúiṫċe Iúdaea, agus do na Cineaḋaċaiḃ, go ndéanfaidís aiṫriġe agus go n‐iompóċaidís ċum Dé, ag déanaṁ gníoṁarṫa de réir na h‐aiṫriġe.


Agus ar an láṫair do ṫuit ó n‐a ṡúiliḃ mar ḃéaḋ gáinní, agus fuair sé a raḋarc; agus d’éiriġ sé agus do baisteaḋ é;


Agus ar ṫeaċt go h‐Iarúsalem dó, d’iarr sé greamú leis na beisceablaiḃ: agus ḃí eagla orṫa go léir roiṁe, agus ní ċreidfidís gur ḋeisceabal é.


Agus ó ḃí Lidda i ngar do Ióppé, ar n‐a ċlos do na deisceablaiḃ go raiḃ Peadar san áit sin, do ċuireadar beirt deisceabal ċuige, d’iarraiḋ d’aṫċuinge air teaċt ċuca gan ṁoill.


agus níor ṁó naċ ndeaċas suas go h‐Iarúsalem ċum na ndaoine do ḃí ’n‐a n‐abstalaiḃ róṁam: aċt d’imṫiġeas ċum na h‐Aráibe; agus ṫáinig mé ar ais go Damaisc.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ