Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 9:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus d’imṫiġ Ananias, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tiġ; agus do ċuir sé a láṁa air agus aduḃairt, A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa do ṫaisbeán é féin duit san tsliġe agus tú ag teaċt, do ċuir sé mise ċugat, ċum go ḃfaiġṫeá do raḋarc aṫuair, agus go líonfaiḋe ṫú de’n Spiorad Naoṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Agus d’imṫiġ Ananias, agus ċuaiḋ sé isteaċ san tiġ, agus ag cur a láṁ air, duḃairt: A Ṡauil, a ḃráṫair, An Tiġearna Íosa a ṫaisbeán é féin duit ar an ḃealaċ ar a dtáinic tú, ċuir sé ċugat mé, ċun go ḃfaġṫá aṁarc do ṡúl, agus go líontaí ṫú leis an Spiorad Naoṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus d’imṫiġ Ananías agus ċuaiḋ sé isteaċ sa tiġ agus ċuir sé a láṁ air agus duḃairt sé: A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa a ṫaisbeáin é féin duit ar an slíġ agus tu ag teaċt, do ċuir sé mise ċuġat ionus go ḃfeicfá agus go líonfí de’n Spioraid Naoṁ ṫu.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Dimṫiġ Ananías ann sinm agus do ċúaiḋ sé a steaċ don tiġsin; agus ar gcur a láṁ airsion a duḃairt sé, A Ṡaúil a ḋearḃráṫair, an Tiġearna, Iósa, do táiḃreaḋ ḋuit sa tsliġe iona dtáinic tú, do ċuir sé misi, ċum aisig do raḋairc dfaġáil duit, agus do ḃeiṫ líonta don Spiorad Náoṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 9:17
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin tugaḋ ċuige leanḃaí beaga, ċum go gcuirfeaḋ sé a láṁa orṫa, agus go nguiḋfeaḋ sé orṫa: agus do ċuir na deisceabail cosc leo.


agus aduḃairt sé leis i n‐aṫċuinġeaċaiḃ, Aṫa m’inġean ḃeag i rioċtaiḃ báis: impiġim ort teaċt agus do láṁ do ċur uirṫi, ċum go leiġeasfaiḋe í, agus go mairfeaḋ sí.


Agus níor ḟéad sé aon obair ċuṁaċtaċ do ḋéanaṁ ins an áit sin, aċt aṁáin a láṁa do ċur ar roinnt daoine breoite, agus iad do leiġeas.


Agus ṫarla, nuair do‐ċuala Elisabet beannaċaḋ Ṁuire, gur ḃíoḋg an naoiḋeanán ’n‐a broinn; agus do líonaḋ Elisabet de’n Spiorad Naoṁ;


Agus do líonaḋ Saċarias, a aṫair, de’n Spiorad Naoṁ, agus do‐rinne sé fáiḋeadóireaċt, g‐á ráḋ,


Agus tusa, a leinḃ, glaoḋfar ort fáiḋ an Té is Aoirde; Óir raċair roiṁ an Tiġearna ag réiḋteaċ na sliġe ḋó:


aċt an mac so leat, go ḃfuil do ċuid ídiġṫe aige le méirdreaċaiḃ, nuair ṫáinig seisean, do ṁarḃais dó‐san an laoġ biaḋta.


Aċt ba ċeart súḃaċas agus gáirdeaċas do ḃéanaṁ: óir do ḃí do ḋearḃráṫair annso marḃ, agus do ṫéarnuiġ sé; do ḃí sé ar iarraiḋ agus friṫ é.


óir atá Slánuiġṫeoir beirṫe ḋaoiḃ indiu, is é sin Críost an Rí, i gcaṫair Ḋáiḃi.


An briaṫar do ċuir sé ċum clainne Israel, ag fógairt deaġ‐scéal síoṫċána tré Íosa Críost (is é Tiġearna ar ċáċ é) —


Annsin, tar a éis dóiḃ troscaḋ agus urnaiġe do ḋéanaṁ, agus a láṁa do ċur orṫa, do ċuireadar uaṫa iad.


Agus do líonaḋ na deisceabail de ġáirdeaċas agus de’n Spiorad Naoṁ.


Agus nuair do ċuir Pól a láṁa orṫa, ṫáinig an Spiorad Naoṁ orṫa; agus do laḃradar as teangṫaċaiḃ, agus do‐rinneadar tarngaireaċt.


Agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do ṫionnscnadar laḃairt as teangṫaċaiḃ éagsaṁla, de réir mar ṫug an Spiorad dóiḃ laḃairt.


Agus nuair do‐ċualadar é, ṫugadar glóir do Ḋia; agus aduḃradar leis, Do‐ċí tú, a ḃráṫair, na mílte móra ḋíoḃ‐san go ḃfuil an creideaṁ aca atá i measc na nIúdaċ; agus atáid uile láin‐dílis do’n reaċt:


Agus aduḃairt an Tiġearna, Is mise Íosa go ḃfuil tú g‐á ġéirleanaṁain.


Agus nuair do ġuiḋeadar, do ċrioṫ an áit ’n‐a raḃadar cruinniġṫe le ċéile; agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do laḃradar briaṫar Dé le dánaċt.


do ċuireadar iad sin i láṫair na n‐abstal: agus, tar éis dóiḃ guiḋe do ḋéanaṁ, do ċuireadar a láṁa orṫa.


Annsin do ċuireadar a láṁa orṫa, agus do ġlacadar an Spiorad Naoṁ.


Agus ar an láṫair do ṫuit ó n‐a ṡúiliḃ mar ḃéaḋ gáinní, agus fuair sé a raḋarc; agus d’éiriġ sé agus do baisteaḋ é;


Uime sin gaḃaiḋ ċugaiḃ a ċéile, do réir mar ġaḃ Críost siḃ‐se, ċum glóire Dé.


Ó’n talaṁ do’n ċéad duine, talṁaiḋe: ó neaṁ do’n dara duine.


annsin do na h‐abstalaiḃ uile; agus san deireaḋ, taiḋḃriġeaḋ é ḋaṁ‐sa, mar ḋuine rugaḋ i n‐antráṫ.


Naċ ḃfuilim‐se saor? Naċ abstal mise? Naċ ḃfacas‐sa Íosa ár dTiġearna? Naċ siḃ‐se toraḋ mo ṡaoṫair san Tiġearna?


Ná déan failliġe san taḃartas atá ionnat, tugaḋ tré ṫarngaire ḋuit le leagaḋ láṁ na seanóir.


Ná leag láṁa go h‐obann ar aoinneaċ, agus ná bí páirteaċ i bpeacaiḋiḃ daoine eile: congḃuiġ ṫú féin glan.


Is ar an aḋḃar sin ċuirim i gcuiṁin duit an taḃartas ó Ḋia atá ionnat tré leagaḋ mo láṁ‐sa, d’aṫḃrostú.


ní mar ṡeirḃíseaċ feasta, aċt mar ḋuine is mó ’ná seirḃíseaċ, mar ḃráṫair ionṁain, ionṁain liom‐sa, go mórṁór, aċt gur mó is annsa leat‐sa é san ḃfeoil agus san Tiġearna.


agus teagaisc fá ḃaisteaḋ, agus fá leagaḋ láṁ, agus fá aiséirġe na marḃ, agus fá’n mbreiṫeaṁnas síorraiḋe.


Áirṁiḋ mar ṡlánú foiḋne ár dTiġearna: fá mar scríoḃ ár mbráṫair ionṁain Pól ċugaiḃ, leis, do réir na h‐eagna tugaḋ ḋó;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ