Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 9:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus do ḃí i nDamascus deisceabal darḃ ainm Ananias, agus aduḃairt an Tiġearna i n‐aisling leis, A Ananias. Agus aduḃairt seisean, Atáim annso, a Ṫiġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

10 Agus ḃí deisciobal áiriṫe san Damaisc, darḃ ainm Ananias: Agus duḃairt an Tiġearna leis i ḃfís: A Ananíais. Agus duḃairt seisean: Féaċ, seo mé, a Ṫiġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus ḃí i nDamascus duine de ḋeisgiobulaiḃ an Tiġearna agus Ananías ab ainim dó, agus duḃairt an Tiġearna leis, i n-aising: A Ananíais! Agus duḃairt seisean: Táim anso, A Ṫiġearna!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus do ḃí deisciobal áiriġe a Ndamáscus, dar ḃainm Ananías; ré a nduḃairt an Tiġearna a dtáiḃse, A Ananiáis. Agus a duḃairt seision, Féuċ, atáim ann so, a Ṫiġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 9:10
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do taiḋḃriġeaḋ ḋó go soiléir, tuairim na naoṁaḋ h‐uaire de’n lá, aingeal Dé ag teaċt ċuige isteaċ, g‐á ráḋ leis, A Ċornéliuis.


Is aṁlaiḋ do ḃí mé i gcaṫair Ioppé ag guiḋe: agus i néall dom do ċonnacas aisling, soiṫeaċ mar ḃéaḋ seol mór g‐á leigin ó’n spéir anuas le n‐a ċeiṫre cúinniḃ; agus ṫáinig sé im’ aice:


Agus d’imṫiġ sé amaċ, g‐á leanaṁain; agus ní raiḃ a ḟios aige arḃ ḟíor a raiḃ d’á ḋéanaṁ ag an aingeal, aċt do ċeap sé gurḃ aisling do ḃí d’á ḟeicsin aige.


Agus nuair do ċonnaic sé an aisling, do ċeapamar ar an láṫair imṫeaċt fá ḋéin na Maiceadóine, agus a ḋeiṁin againn gur ġlaoḋ Dia orainn an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ ḋóiḃ ann.


Agus do ċonnaic Pól aisling san oiḋċe; Do ḃí fear ó’n Maiceadóin ’na ṡeasaṁ, ag cur impiḋe air, agus g‐á ráḋ, Tar anall go dtí an Ṁaiceadóin, agus caḃruiġ linne.


Agus aduḃairt an Tiġearna le Pól i n‐aisling na h‐oiḋċe, Ná bíoḋ eagla ort, aċt laḃair gan do ḃéal do ċosc:


Agus ins na Laeṫiḃ deireannaċa, adeir Dia, Doirtfead mo Spiorad ar gaċ feoil: Do‐ġéanaiḋ ḃúr gclann‐ṁac agus ḃúr gclanninġean tarngaireaċt, Agus ċífiḋ ḃúr n‐ógánaiġ aislingí, Agus béiḋ taiḋḃriḋṫe ag ḃúr seanóiriḃ:


Agus Ananias, fear diaḋa de réir an reaċta, agus deaġ‐ṫuairisc air i measc na nIúdaċ do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe annsin,


agus do ċonnaic sé fear dar ab ainm Ananias ag teaċt isteaċ, agus ag cur a láṁ air, ċum go ḃfaiġeaḋ sé a raḋarc.


Agus do ḃí sé trí lá gan raḋarc, agus níor iṫ ná níor ól sé.


I nDamaisc dom, an goiḃearnóir atá fá ċeannas Arétais rí, do ċonḃuiġ sé gárda ar ċaṫair na nDámaisceaċ, d’ḟonn mise do ġaḃáil:


agus níor ṁó naċ ndeaċas suas go h‐Iarúsalem ċum na ndaoine do ḃí ’n‐a n‐abstalaiḃ róṁam: aċt d’imṫiġeas ċum na h‐Aráibe; agus ṫáinig mé ar ais go Damaisc.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ