Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 8:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Óir do ḃí mórán daoine as a dtáinig spioraidí neaṁ‐ġlana amaċ, ag éiġeaṁ go h‐árd: agus do leiġeasaḋ mórán go raiḃ pairilis orṫa, agus do ḃí ’n‐a máirtíneaċaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Óir mórán acu sin ina mbíoḋ spioraid neaṁġlana, ṫéiġeaḋ siad amaċ astú, agus iad ag scairtiġ de ġuṫ árd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Mar ḃí a lán acu ’na raiḃ spioraidí truailliġṫe ionta agus go n-imṫíġdís asta ag éiġeaṁ go h-árd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Oír do ċúadar spíorada neaṁġlana, amaċ as mórán ann a raḃadar, ag éiṁġe do ġúṫ ṁór: agus do slánuġaḋ mórán do luċd paireilíse, agus do ḃacaċaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 8:7
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġlaoḋ sé ċuige a ḋáréag deisceabal, agus ṫug sé cuṁaċt dóiḃ ar na spioraidiḃ neaṁ‐ġlana, ċum iad do ċaiṫeaṁ amaċ, agus ċum gaċ galar agus gaċ breoiteaċt do leiġeas.


atá raḋarc ag dallaiḃ, agus siuḃlann bacaiġ, glantar na loḃair, agus atá éisteaċt ag boḋránaiḃ, aiṫḃeoḋtar na mairḃ, agus atá an soiscéal d’á innsint do na boċtaiḃ.


Agus do leaṫ a ċlú ar fud tíre na Siṫre ar fad, agus tugaḋ ċuige iad‐san go léir ar a raiḃ easláinte, iad do ḃí cráiḋte le galaraiḃ ilġnéiṫeaċa agus le piantaiḃ, agus go raiḃ deaṁain ionnta, daoine go raiḃ an galar tuitimeaċ agus pairilis orṫa; agus do leiġeas sé iad.


Agus ag screadaiġ, agus ’g‐a ṡracaḋ ḋí go millteaċ, ṫáinig sí amaċ as: agus do ḃí an leanḃ mar do ḃéaḋ corp: i dtreo go nduḃairt an ċuid ba ṁó aca, Atá sé marḃ.


Agus d’ḟill an deiċneaḃar agus trí fiċid ar ais, agus áṫas orṫa, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, atá na deaṁain féin fá smaċt againn tré t’ainm‐se.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té ċreideas ionnam‐sa, na h‐oibreaċa do‐ġním‐se, déanfaiḋ seisean iad mar an gcéadna, agus is mó ’ná iad ḋéanfas sé; toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar.


Agus do ṫagaḋ sluaġ as na caṫraċaiḃ do ḃí timċeall Iarúsalem, ag taḃairt na n‐oṫar, agus na ndaoine do ḃí cráiḋte ag spioraidiḃ neaṁ‐ġlana; agus do leiġeastaiḋe iad go léir.


Agus ṫug na sluaiġte aire d’aon toil do’n méid aduḃairt Pilib, nuair d’éisteadar leis, agus do ċonnacadar na cóṁarṫaí do‐rinne sé.


Dia ag deiṁniú a ḃfiaḋnaise le cóṁarṫaiḃ, agus le h‐iongantaisiḃ, agus le míorḃailtiḃ éagsaṁla, agus le tíoḋlaicṫiḃ an Spioraid Naoiṁ, do réir a ṫola féin?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ