Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 8:40 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

40 Aċt fríṫ Pilib i nAsótos: agus ag gluaiseaċt tríd na bailtiḃ ḋó, do ċraoḃscaoil sé an soiscéal dóiḃ go léir, nó go dtáinig sé go Céasaria.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

40 Agus fuarṫas Pilip i n-Asotus, agus ag dul ṫart dó, ṡeanmóir sé an soiscéal do na caṫraċa uilig, go dtí go dtáinic sé go Caesarea.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

40 Agus do fuaraḋ Pilib i n-Asótos agus ġluais sé tríd an dtír ag craoḃsgaoile an tSoisgéil ins na caṫaraċaiḃ go léir ċun go dtáinig se go Caésaréa

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

40 Aċd fríṫ Ṗilib a Nasótus: agus ag dul tríd an dtír ḋó do rinne sé an soisgéul do ṡeanmóruġaḋ do na huile ċaiṫreaċaiḃ, go teaċd ḋó go Seasáréa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 8:40
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃí fear darḃ ainm Cornélius i gCéasaria, ceanntúir ar an mbuiḋin Iodáiliġ, mar tugaḋ uirṫi, fear cráiḃṫeaċ,


Agus an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċuadar isteaċ i gCéasaria. Agus do ḃí Cornélius ag feiṫeaṁ leo, agus a ġaolta agus a ċáirde cruinniġṫe le ċéile aige.


Agus féaċ, ar an láṫair do ḃí triúr fear ’n‐a seasaṁ os cóṁair an tiġe ’n‐a raḃamar, do cuireaḋ ċugam ó Ċéasaria.


Agus nuair do‐rinne Ioruaṫ cuardaċ ’n‐a ḋiaiḋ, agus naċ ḃfuair sé é, do ċeistiġ sé na gárdaí, agus d’órduiġ sé a gcur ċum báis. Annsin d’imṫiġ sé ó Iúdaea síos go Céasaria, agus d’ḟan sé ann.


Agus ar ndul i dtír ḋó i gCéasaria, do ċuaiḋ sé suas ag cur tuairisce na h‐eaglaise, agus annsin ċuaiḋ sé síos go h‐Antuaiġ.


Agus ṫáinig i n‐éinḟeaċt linn cuid de na bráiṫreaċaiḃ ó Ċéasaria, agus ṫugadar leo Mnasón ó Ċuprus, sean‐deisceabal, go raḃamar le ḃeiṫ ar aoiġeaċt aige.


Agus d’imṫiġeamar lá ar n‐a ḃáraċ, agus ṫángamar go Céasaria: agus ag dul isteaċ ḋúinn i otiġ Ṗilip soiscéalaiḋe, duine de’n ṁóirṡeisear, d’ḟanamar aige.


Agus do ġlaoḋ sé beirt ċeanntúir ċuige, agus aduḃairt sé, Ullṁuiġiḋ ḋá ċéad saiġdiúir agus deiċneaḃar agus trí fiċid marcaċ, agus ḋá ċéad fear sleaġa, ċum dul go Céasaria ar an treas uair de’n oiḋċe:


Agus nuair ṫáinig siad go Céasaria agus ṫug siad an litir do’n árd‐riaġlóir, do ċuir siad Pól ’n‐a láṫair.


Nuair ṫáinig Féstus isteaċ san ṗroiḃinnse, tar éis trí lá ċuaiḋ sé suas ó Ċéasaria go h‐Iarúsalem.


Roinnt laeṫe ’n‐a ḋiaiḋ sin, ṫáinig an rí Agrippa agus Bernicé go Céasaria, le fáilte do ċur roiṁ Ḟéstus.


D’ḟreagair Féstus, áṁ, go raiḃ Pól fá ċoiṁéad i gCéasaria, agus go raiḃ faoi dul ann go luaṫ.


Agus tar a éis dó oċt nó deiċ lá d’ḟanaṁain ’n‐a measc, do ċuaiḋ sé síos go Céasaria; agus an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṡuiḋ sé i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, agus d’órduiġ sé Pól do ṫaḃairt isteaċ.


Annsin, tar a éis dóiḃ fiaḋnaise do ṫaḃairt agus briaṫar an Tiġearna do laḃairt, d’ḟilleadar go h‐Iarúsalem, agus do ċraoḃscaoileadar an soiscéal ’n‐a lán de ḃailtiḃ beaga na Samáritánaċ.


Agus nuair fuair na bráiṫre fios ’n‐a ṫaoḃ sin, ṫugadar síos go Céasaria é, agus do ċuireadar as sin go Társus é.


tré ḃriġ an Spioraid Naoiṁ; ar ċuma gur ċraoḃscaoileas soiscéal Ċríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus ṫart ’n‐a ṫimċeall ċóṁ fada le h‐Illiricum;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ