Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 8:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus do riṫ Pilib ċuige, agus d’airiġ sé é ag léiġeaḋ Ésáias fáiḋ, agus aduḃairt sé, An dtuigeann tú an méid atá agat d’á léiġeaḋ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Ag riṫ ċun tosaiġ do Ṗilip, ċuala sé é ag léiġeaṁ Isaiais, fáiḋ, agus duḃairt: An dtuigeann tú, dar leat, cad é tá dá léiġeaṁ agat?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Ṫáinig Pilib i n’aice agus d’airiġ sé é ag léiġe Isáias fáiḋ, agus duḃaint sé: An dóiġ leat a’ dtuigeann tú an níḋ atá agat d’á léiġe?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Agus do riṫ Ṗilib, agus do ċúalaiḋ sé é ag léuġaḋ a nfíaḋ Esaías, agus a duḃairt sé, An dtuigeann tú na neiṫe léiġeas tú?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 8:30
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Nuair do‐ċluin aoinneaċ briaṫar na ríoġaċta, agus naċ dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an niḋ do cuireaḋ ’n‐a ċroiḋe. Is é sin an té ’n‐ar cuireaḋ an síol le h‐ais an ḃealaiġ ṁóir.


Agus an duine ’n‐ar cuireaḋ an síol sa talaṁ maiṫ, is é sin an té do‐ċluin an briaṫar, agus ṫuigeas é; agus do‐ḃeir toraḋ uaiḋ, cuid de fá ċéad, cuid de fá ṫrí fiċid, cuid de fá ṫrioċaid.


Ar ṫuigeaḃar an méid sin? Aduḃradar leis, Do ṫuigeamar.


Agus do ġlaoḋ sé ċuige an sluaġ, agus aduḃairt sé leo, Éistiḋ agus tuigiḋ:


D’á ḃriġ sin, nuair do‐ċífiḋ siḃ úr‐ġráin an léirscriosta, ar ar laḃair Dainial fáiḋ, ’n‐a ṡeasaṁ sa naoṁ‐áit (an té léiġeas, tuigeaḋ sé),


Aċt nuair do‐ċífiḋ siḃ úr‐ġráin an léirscriosta ’n‐a seasaṁ san áit naċ dual (an té léiġeas, tuigeaḋ sé), annsin na daoine atá i n‐Iúdaea, teiċidís ċum na gcnoc:


Aduḃairt Íosa leo, Is é mo ḃiaḋ‐sa toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ, agus a ġnó do ċóiṁlíonaḋ.


Cuarduiġeann siḃ na scrioptúirí, óir measann siḃ gur ab ionnta atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe agaiḃ; agus is iad sin do‐ḃeir fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa;


Agus d’éiriġ sé agus d’imṫiġ: agus féaċ, fear ó Étiópia, coillteánaċ réimeaṁail fá Ċandácé, bainríoġain na nÉtiópaċ, do ḃí i mbun a ciste go léir, ṫáinig sé go h‐Iarúsalem ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ ann;


Agus aduḃairt an Spiorad le Pilib, Druid i n‐aice leis, agus téiġ san gcarbad sin.


Agus aduḃairt seisean, Cionnas is féidir liom a ṫuigsin, gan duine éigin ḃeiṫ ann le n‐a ṁíniú ḋom? Agus d’iarr sé ar Ṗilib teaċt aníos agus suiḋe ’n‐a aice.


Agus do ċuaiḋ Pilib síos go caṫair Ṡamária, agus d’ḟógair sé Críost dóiḃ annsin.


aċt dob’ ḟearr liom cúig focail do laḃairt lem’ ṫuigsin ċinn san eaglais, ċum teagasc do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ eile, ná deiċ míle focal i dteangain.


D’á ḃriġ sin ná biḋiḋ diṫ‐céilliḋe, aċt tuigiḋ cad é deaġ‐ṫoil an Tiġearna.


Atá gáḃaḋ le h‐aigeantaċt annso. An té go ḃfuil tuigsin aige, cóṁaireaḋ sé uiṁir an ainṁiḋe, óir is uiṁir duine í; agus is í is uiṁir dó, Sé céad, trí fiċid, a sé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ